Cabhróidh an straitéis nua tithíochta i bhFine Gall le daoine faoi mhíchumas a chumasú a thuilleadh

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall straitéis tithíochta nua nuálaíoch a bhfuil sé mar aidhm aici deiseanna níos fearr a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas agus pobal níos cuimsithí a chothú

Housing Strategy for Disabled People launch

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall straitéis tithíochta nua nuálaíoch a bhfuil sé mar aidhm aici deiseanna níos fearr a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas agus pobal níos cuimsithí a chothú. Ní hamháin go dtugann an cur chuige tosaíocht don inrochtaineacht ach aithníonn sé freisin an tábhacht a bhaineann le timpeallachtaí a chruthú a chuireann neamhspleáchas, comhionannas agus imeascadh chun cinn do gach cónaitheoir.

Bíonn dúshláin iomadúla le sárú ag daoine faoi mhíchumas - bíodh siad meabhrach, céadfach, intleachtúil nó fisiceach - agus iad iarraidh roghanna tithíochta oiriúnacha a fhreastalaíonn ar a sainriachtanais a aimsiú. Creideann Fine Gall, áfach, go gcabhróidh an cur chuige fadbhreathnaitheach – a tiomsaíodh i gcomhar le pléadálaithe míchumais, le heagraíochtaí ionadaíochta agus le cliaint aonair – le go leor de na constaicí sin a shárú.

Agus é ag seoladh na straitéise, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Táim bródúil as an straitéis seo a sheoladh, straitéis a chreidim a chuideoidh le heispéireas tithíochta níos fearr a bhaint amach dóibh siúd atá faoi mhíchumas agus a chuirfidh ar a gcumas an saol is mian leo a bheith acu a chaitheamh. Is saothar fíor-thábhachtach comhoibríoch é a méadaíonn deiseanna maidir le neamhspleáchas agus a thacaíonn le riachtanais folláine fhisiceacha, mheabhrach agus mhothúchánacha daoine.”

collage launch of Housing of Disabled strategy.PNG

I measc príomhghnéithe na straitéise tithíochta nua tá: 

  • Inrochtaineacht Uilíoch: Ba chóir go mbeadh inrochtaineacht uilíoch i gcónaí san áireamh, go mbeadh gach aonad tithíochta deartha go hiomchuí agus go bhfuilimid cinnte go seasfaidh siad an aimsir, go háirithe ag céimeanna pleanála forbairtí tithíochta nua. Ciallaíonn sé seo go mbeadh gnéithe ar nós doirse níos leithne, rampaí, ardaitheoirí, agus seomraí folctha inrochtana mar chuid den dearadh chun a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas  a mbealach a dhéanamh timpeall a dteach gan stró agus le dínit. Trí fháil réidh le bacainní fisiceacha, cuirfimid neamhspleáchas chun cinn agus cuirimid ar chumas cónaitheoirí maireachtáil le breis saoirse agus neamhspleáchais. 
  • Pobail Imeasctha: Spreagfaidh ár straitéis forbairt pobal imeasctha ina mhaireann daoine faoi mhíchumas in éineacht le piaraí gan mhíchumas agus cinnteoidh sí go bhfuil tacaíochtaí pearsanta i bhfeidhm do dhaoine a bhogfaidh ó shuíomhanna comh-mhaireachtála go dtí suíomhanna a roghna féin agus iad gar do sheirbhísí, iompar poiblí srl. Ligfidh sé do dhaoine faoi mhíchumas páirt ghníomhach a imirt i saol an phobail, gheobhaidh sí réidh le steiréitíopaí agus tógfaidh sí comharsanachtaí atá níos láidre agus níos imeasctha. 
  • Seirbhísí Tacaíochta: Agus é ag aithint go bhféadfadh tacaíocht bhreise a bheith ag teastáil ó roinnt daoine faoi mhíchumas, féachann ár straitéis le cinntiú go bhfuil seirbhísí tacaíochta leordhóthanacha ar fáil do dhaoine a bhfuil gá acu leo. D’fhéadfadh pleananna cúraim pearsantaithe, cúnamh le gníomhaíochtaí maireachtála laethúla, agus rochtain ar acmhainní cúram sláinte a bheith i gceist leis na seirbhísí seo. 

Trí na gnéithe seo a chur san áireamh ina straitéis tithíochta, cuideoidh cur chuige Fhine Gall leis na huirlisí a theastaíonn ó chónaitheoirí maireachtáil go neamhspleách agus a gcuid spriocanna a bhaint amach a chur ar fáil. Ina theannta sin, creideann an grúpa stiúrtha a d’fhorbair an straitéis go gcruthóidh an tiomantas seo timpeallacht bheo a chuirfidh ar chumas daoine faoi mhíchumas bláthú agus páirt ghníomhach a ghlacadh ina bpobail áitiúla. 

Housing Strategy for Disabled People launch

“Tá buntáistí na straitéise seo le sonrú ní hamháin do na daoine siúd a mbíonn tionchar díreach aic orthu ach i measc an phobail i gcoitinne  ,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly. “Trí fháilte a chur roimh thithíocht chuimsitheach, táimid ag cothú pobail atá níos ilghnéithí agus níos dinimiciúla a bhláthaíonn de bharr a ionchuimsitheachta.” 

Dúirt Barry Raleigh, Comhordaitheoir Tacaíochta Tithíochta ag Avista, príomh-chomhpháirtí i bhforbairt na straitéise: “Cuidíonn sé seo le heolas a thabhairt atá oscailte, soiléir agus trédhearcach do dhaoine faoi mhíchumas. Ciallaíonn sé nach bhfuil daoine imeallaithe a thuilleadh, nach bhfuil siad teoranta do bheith ag maireachtáil laistigh de shuíomh comh-mhaireachtála agus cruthaíonn sé deis dóibh imeascadh leis an tsochaí ar bhonn laethúil.” 

Ní féidir an iomarca béime a chur ar an tábhacht maidir le le tithíocht chuimsitheach. Trí spásanna maireachtála inrochtana agus tacúla a chruthú, tugaimid deis do dhaoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách, le dínit, agus páirt gníomhach a ghlacadh i ngach gné de shaol an phobail. Is ionann an chomhstraitéis seo agus dul chun cinn suntasach i dtreo deireadh a chur le bacainní agus fáilte a chur roimh éagsúlacht, agus muid ag obair le chéile chun sochaí chuimsitheach a chothú a léiríonn meas ar gach duine. 

Dúirt Robert Burns, Stiúrthóir Tithíochta agus Pobal Fhine Gall: “Ní hamháin go gcruthóidh an cur chuige nua seo deiseanna níos fearr do dhaoine faoi mhíchumas, ach feabhsóidh sé creatlach ár bpobal áitiúil freisin. Tá ár straitéis nua againn anois a bhuí le dlúthchomhoibriú le páirtithe leasmhara áitiúla ar chabhraigh a saineolas agus a léargais luachmhara go mór  linn prionsabail na hioncuimsitheachta, an chomhionannais agus na hinrochtaineachta a neartú. Trí phlé leis na príomh-chomhpháirtithe seo is féidir linn todhchaí a chruthú inar féidir le gach duine bláthú agus ina mbeidh an deis ag gach duine a saol a chaitheamh le dínit, go neamhspleách agus le caidrimh bhríocha.”

Housing Strategy for Disabled People launch Barry

Agus an tábhacht bhunúsach a bhaineann le tithíocht inrochtana agus tacúil aitheanta inti, tá an straitéis chuimsitheach dírithe ar riachtanais uathúla tithíochta iad siúd atá faoi mhíchumas. Trí sholáthar roghanna tithíochta ionchuimsitheacha agus inrochtana a thacú, féachann an straitéis le raon buntáistí suntasacha a chruthú do dhaoine aonair agus don phobal i gcoitinne. 

Dúirt Anne O’Brien, comhoibrí eile ar an straitéis agus Bainisteoir Chomhíonadh Tithíochta & Tacaíochtaí do Tionóntaí i dTeach Mhichíl: “Ba mhór an tairbhe é dul i bplé leis na páirtithe leasmhara ar fad a bhí páirteach ann, agus chuir sé ar ár gcumas abhcóideacht a dhéanamh ar son ár n-úsáideoirí seirbhíse. Má tá rogha ag daoine maidir le cén chuma a bheidh ar a dtodhchaí, cabhróidh sé seo le deiseanna ollmhóra a chruthú do na daoine aonair ar fad a gcuirimid tacaíocht ar fáil dóibh, agus ligeann sé dóibh a bheith páirteach sa phobal ina gcónaíonn siad agus smacht dáiríre a bheith acu ar saol amach anseo. ”

Housing Strategy for Disabled People launch Anne O'Brien

Creideann Tom Gifford, Ceannaire Tionscadail ag an gCumann Tithíochta um Mhaireachtáil Chomhtháite (HAIL) é seo freisin: “Is céim mhór chun cinn í an straitéis a chruthaíonn plean an-mhachnamhach chun deiseanna tithíochta a mhéadú do dhaoine atá faoi mhíchumas. Tharla sé a bhuí le comhpháirtíocht fhíordhinimiciúil de ghrúpaí páirtithe leasmhara éagsúla a chomhoibríonn le Comhairle Contae Fhine Gall chun iarracht a dhéanamh torthaí tithíochta a fheabhsú. Tá tithíocht ag an gcroílár maidir le haistear téarnaimh daoine a éascú, rud a ligeann dóibh imeascadh sa phobal - is cuid ríthábhachtach den phróiseas sin í an straitéis seo.”

Chun an straitéis a léamh téigh anseo 

Housing Strategy for Disabled People launch Councillors

Photographs captions:

Lauraine Dunne HSE, Interim Area Director of Mental Health Nursing, Loretta Hennessy FCC Administrative Officer Housing Dept, Pat Reen CEO Prosper Project, Helen Cooney Prosper Fingal, Robert Burns FCC Director of Services Housing & Community Dept and Chairperson of FCCs Steering Group, AnnMarie Farrelly FCC Chief Executive, Shelly Gaynor Independent Living Movement Ireland, Loraine Hone Senior Social Worker Prosper Fingal

Mayor of Fingal Cllr Howard Mahony, Robert Burns FCC Director of Services Housing & Community Dept and Chairperson of FCCs Steering Group, AnnMarie Farrelly FCC Chief Executive

Conor Dillon, Derek Curran and Naomi Mahon Irish Wheelchair Association  

Barry Raleigh Daughters of Charity/ Avista with Loretta Hennessy FCC

Lauraine Dunne, HSE Robert Burns, DOS and Chairperson Steering Group Anne O’ Brien St. Michaels’ House

Cllr Tania Doyle, Cllr Brigid Manton, Robert Burns FCC DOS and Chairperson Steering Group, AnnMarie Farrelly Fingal Chief Executive, Cllr. Robert O’ Donoghue & Chairperson FCC Housing SPC, Yvonne O’ Kelly Marillac Housing Association’s first tenant
Jean Coleman Irish Wheelchair Association, Shelly Gaynor Independent Living Movement Ireland, Gerry Cunningham Praxis Care Ireland

Disability Strategy Launch18.jpg
Housing Strategy for Disabled People launch chamber