Cabhraíonn Feachtas nua le Gnólachtaí Fhine Gall am, airgead agus fuinneamh a shábháil

Tá Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall tar éis feachtas nua a sheoladh chun cabhrú le gnólachtaí “am, airgead agus fuinneamh a shábháil” agus chun a léiriú dóibh conas is féidir leo a ngnólachtaí a dhéanamh níos táirgiúla agus iomaíochas a fheabhsú.

LEO All in a days work - Gaeilge

Tá Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall tar éis feachtas nua a sheoladh chun cabhrú le gnólachtaí “am, airgead agus fuinneamh a shábháil” agus chun a léiriú dóibh conas is féidir leo a ngnólachtaí a dhéanamh níos táirgiúla agus iomaíochas a fheabhsú.

Tarraingíonn an feachtas “All In a Day’s Work” aird ar na tionchair shuntasacha ar féidir le tacaí na hOifige Fiontair Áitiúil iad a imirt ar ghnólacht.  Áirítear leis sin cabhrú le gnólachtaí dramhaíl a laghdú, éifeachtúlacht a mhéadú agus costais a ghearradh.  

Cuireann an feachtas roinnt de na príomhthacaí atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil chun cinn, lena n-áirítear an Clár ‘Barainneach don Ghnó’, an Clár ‘Glas don Ghnó’ agus an Clár ‘Digiteach don Ghnó’.  Tá gach ceann de na cláir ar fáil saor in aisce. Déanann siad measúnú ar an ngnólacht agus ansin ullmhaíonn siad plean maidir le conas athruithe a chur chun feidhme a mbeidh tionchar dearfach acu ar reáchtáil na cuideachta.  

“Tá sé níos tábhachtaí anois ná ag am ar bith riamh go mbeadh gnólachtaí chomh hiomaíoch agus chomh táirgiúil agus is féidir.  Is é sin an rud atá i gceist leis an bhfeachtas seo – a léiriú do ghnólachtaí gur féidir leo athruithe simplí a dhéanamh chun feabhsuithe a bhaint amach sna réimsí lena mbaineann. Is athruithe iad sin ar dá mbarr a shábhálfaidh siad am, airgead agus fuinneamh ar deireadh” - Oisín Geoghegan, Ceann Fiontair, Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall.

Chomh maith leis sin, is féidir leis an gclár ‘Glas don Ghnó’ agus leis an gclár ‘Digiteach don Ghnó’ treoir a thabhairt do ghnólachtaí maidir leis an Deontas Éifeachtúlachta Fuinnimh agus maidir leis an Dearbhán ‘Grow Digital’, lena dtugtar tacaíocht airgeadais do chuideachtaí atá ag iarraidh fionnachtana an chláir a chur chun feidhme laistigh dá ngnólacht féin.  

Tá an tAire Peter Burke agus an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta tar éis na tacaí sin a leathnú chuig gach earnáil gnó, agus iad ar oscailt d’aon ghnólacht a bhfuil 50 fostaí ar a mhéad aige.

Moltar do ghnólachtaí dul i dteagmháil lena nOifig Fiontair Áitiúil chun an próiseas a thosú nó dhá nóiméad a chaitheamh ag comhlánú na foirme ar www.AllInADaysWork.ie. Is í a nOifig Fiontair Áitiúil a stiúrfaidh an próiseas ina dhiaidh sin.  

Tuilleadh faisnéise:
[email protected] nó (01) 8900 800