Beidh Sráidbhaile Fhine Gall suite sa Ghairdín Múrtha draíochtúil i mbliana, agus beidh sé ina óstach do ranna iomadúla na comhairle ar mhian leo dul i ngleic leis an bpobal trí léirithe idirghníomhacha faoina gcuid oibre faoi seach.
Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Lucht Tráchtála Fhine Gall an caidreamh a bunaíodh le linn turas gnó le déanaí a neartú chun deiseanna eacnamaíocha, an oideachais agus na turasóireachta a chur le chéile idir Fine Gall agus Stát Washington.
D’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall inniu go bhfuil Jons Civil Engineering ceaptha mar chonraitheoirí le haghaidh Bealach Coisithe agus Rothaíochta Bhóthar Harry Reynolds.
Tugann Comhairle Contae Fhine Gall, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a dílsítear di leis an Acht Rialtais Áitiúil 2001 arna leathnú le hAlt 89 d’ACHT NA GCUANTA 1996 fógra leis seo go bhfuil beartaithe aici Fodhlíthe Cuain Chomhairle Contae Fhine Gall 2023 a ghlacadh.
Thug Comhairle Contae Fhine Gall ómós do 24 duine mar Curadh Pobail mar chuid de Ghradaim an Mhéara na bliana seo, agus iad ag admháil as an díograis agus as na gníomhartha neamhleithleacha atá déanta acu chun cabhrú le saol laethúil shaoránaigh Fhine Gall a fheabhsú.
Comhthoghadh comhairleoir nua de chuid an Lucht Oibre go hoifigiúil ar Chomhairle Contae Fhine Gall inniu, mar gur líon an Comhairleoir Brendan Ryan an suíochán a fágadh folamh nuair a d’éirigh Seána Ó Rodaigh as. Déanfaidh an Comhairleoir Ryan ionadaíocht ar Thoghcheantar Áitiúil Bhaile Brigín.