Breis caiteachais ceadaithe le haghaidh Fhine Gall i mBuiséad 2022

Ionas gur féidir leanúint leis an bhforbairt ar fud an chontae, tá Comhairle Contae Fhine Gall i ndiaidh glacadh le plean caiteachais de thart ar €300m le haghaidh 2022 a chabhróidh le seirbhísí feabhsaithe a sholáthar agus leanúint le tacaíocht a chur ar fáil chun dlús a chur le forbairt gheilleagrach i dtimpeallacht iar-Covid.

Council Chamber

Ionas gur féidir leanúint leis an bhforbairt ar fud an chontae, tá Comhairle Contae Fhine Gall i ndiaidh glacadh le plean caiteachais de thart ar €300m le haghaidh 2022 a chabhróidh le seirbhísí feabhsaithe a sholáthar agus leanúint le tacaíocht a chur ar fáil chun dlús a chur le forbairt gheilleagrach i dtimpeallacht iar-Covid.

 Chomhaontaigh Comhairleoirí Fhine Gall ar bhuiséad luach €299.8m a chuirfidh ar chumas na Comhairle leanúint le hardleibhéal seirbhísí a sholáthar a bhfuiltear ag súil leis anois sa chontae is óige in Éirinn.

 Tá an buiséad méadaithe thart ar €13m i gcomparáid leis an mbliain roimhe seo agus ciallaíonn seo go gcaithfear coibhéis €1012 ar gach ball den daonra i roinnt príomhréimsí cosúil le bóithre, páirceanna, tithíocht agus an timpeallacht. Ainneoin go bhfuil níos mó éileamh anois ná riamh ar an éagsúlacht mhór seirbhísí atá á soláthar ag an gcomhairle, níl rátaí tráchtála ná Cáin Mhaoine Áitiúil ardaithe.

Tá méaduithe suntasacha le tabhairt faoi deara sa bhuiséad chun cabhrú le raon seirbhísí oibríochtúla a sholáthar i bpobail áitiúla, lena n-áirítear cothabháil bóithre, bainistíocht tráchta, breis glantacháin sráide, oibreacha feabhais i bpáirceanna agus i spásanna oscailte, mar aon le tionscadail mar chuid d’iarrachtaí na Comhairle tacú le taisteal gníomhach. Chomh maith leis sin, tá €1.2m curtha i leataobh chun cabhrú le téarnamh agus forbairt na hearnála turasóireachta i bhFine Gall.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Is buiséad an-dearfach agus cothrom é seo a mbeidh ról tábhachtach aige i dtéarnamh geilleagrach leanúnach Fhine Gall. Is dearbhú atá ann go bhfuilimid tiomanta do na céimeanna riachtanacha a thógáil ar mhaithe leis na torthaí is fearr agus is féidir a chinntiú dár saoránaigh agus ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh le deiseanna forbartha gnó a spreagadh.

“Tríd an méid sin a dhéanamh, bhí ar ár gcumas cur leis na seirbhísí agus leis an tacaíocht atá ar fáil do phobal Fhine Gall, fianaise ar an obair iontach atá á déanamh ag foireann cheannaireachta agus foireann oibre na Comhairle. Bhí ról lárnach acu inár gcuid iarrachtaí ár bpríomhthosaíochtaí a chomhlíonadh agus a chinntiú gur áit iontach le maireachtáil inti, le hoibriú inti agus le hinfheistiú inti í Fine Gall.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, le linn di fáiltiú roimh an mbuiséad méadaithe: “Is é an aidhm a bhí againn tríd an mbuiséad seo a chur ar fáil don Chomhairle a chinntiú ní hamháin go mbeimid in ann na seirbhísí atá á soláthar againn a fheabhsú, ach chomh maith leis sin go mbeidh ar ár gcumas roinnt tionscnamh nua a bhunú a rachaidh chun tairbhe ár bpobal agus a thacóidh leo.

“Tá mé buíoch go háirithe as ardleibhéal gníomhaíochta na mBall Tofa i rith na bliana de réir mar a bhí an t-eolas is déanaí á roinnt againn leo maidir leis na deacrachtaí straitéiseacha a bhí againn agus le linn dúinn iarracht a bheith á déanamh againn ár bhfís don todhchaí a shoiléiriú.

“Tá deis iontach againn caighdeán beatha ár saoránach a fheabhsú agus an bealach a bhfuil seirbhísí á soláthar againn a fheabhsú chun freastal ar a gcuid riachtanas athraitheach. Cabhróidh buiséad de bheagnach €300m tacú lenár ngnóthaí áitiúla agus a chinntiú gur féidir linn timpeallacht oiriúnach a chruthú dá mbailte agus dár bpobail ar fud an chontae.”

Tá an leithdháileadh maoinithe is mó luaite le hinfheistíocht agus tógáil, 30% den bhuiséad iomlán. Tá stoc tithíochta sóisialta na Comhairle ag méadú gach bliain de bhrí go bhfuil réadmhaoin bhreise á soláthar – beidh breis is 6,200 teach á mbainistiú in 2022 agus tá foráil shuntasach (€12m) déanta chun cothabháil agus feabhsú aonaid tithíochta an údaráis áitiúil a éascú i rith na bliana. Tá thart ar €2.5m curtha ar fáil sa bhuiséad chun déileáil le heaspa dídine mar chuid de thiomantas na Comhairle don obair atá á déanamh ag Feidhmeannas Réigiúnach Daoine gan Dídean Bhaile Átha Cliath.

Áirítear sa bhuiséad leithdháiltí le haghaidh na bpríomhréimsí seo a leanas:

  • €89.1m - Tithíocht & Tógáil
  • €32.7m - Iompar & Sábháilteacht ar Bhóithre
  • €19.4m - Seirbhísí Uisce
  • €24.9m - Bainistíocht Forbartha
  • €49.4m - Seirbhísí Timpeallachta
  • €52.3m - Caitheamh Aimsire & Áineas
  • €1.5m - Talmhaíocht, Oideachas, Sláinte & Leas
  • €30.4m - Seirbhísí Ilghnéitheacha

Ainneoin nár reáchtáladh an méid céanna imeachtaí in 2021 mar gheall ar shrianta Covid-19, cuirfidh maoiniú atá leithdháilte le haghaidh 2022 ar chumas Fhine Gall roinnt príomhimeachtaí a reáchtáil a cuireadh ar atráth nó ar ceal i rith na paindéime agus ciallaíonn sé go mbeidh ar chumas na Comhairle tuilleadh forbairt a dhéanamh ar a chlár cultúir agus ealaíon. I mí Iúil 2020 reáchtálfar imeacht a mbíonn an-tóir air, Blasanna Fhine Gall, agus cuirfear tuilleadh céimeanna i gcrích chun príomhthionscadail a fhorbairt, cosúil le Ceantar Cultúrtha Shoird. Chomh maith leis, tá tuilleadh maoinithe ar fáil le haghaidh iontaobhas oidhreachta.

Tá tuilleadh gealltanas déanta freisin maidir le haire a thabhairt don timpeallacht, infheistíocht a dhéanamh i gcaighdeán an aeir, truailliú ó thorann, tionscnaimh bhithéagsúlachta, scéimeanna rothaíochta agus feabhsuithe ar spásanna glasa. Tá gníomhú ar son na haeráide á chomhtháthú i mbeartais agus i bpleananna na Comhairle de réir a chéile, lena n-áirítear flít d’fheithiclí leictreacha, soilse sráide LED agus éifeachtúlachtaí fuinnimh eile.

Tá an Buiséad seo ag teacht sna sála ar phlean caiteachais chaipitiúil trí bliana Fhine Gall, luach €784m, a cuireadh faoi bhráid na gComhairleoirí i mí Dheireadh Fómhair. Cuirfear airgead ón gclár ar fáil le haghaidh thart ar 230 tionscadal ar fud an Chontae.