Bóthar nua oscailte chun rochtain ar Fhine Gall a fheabhsú agus cuidiú le infhaighteacht tithíochta níos fearr a chur ar fáil sa chontae is óige in Éirinn

Ribbon Cutting

D’oscail Méara Fhine Gall, Clr Seána Ó Rodaigh, An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD, agus Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Alison Gilliland an síneadh úrnua ar Bhóthar Pholl an Bhalla go hoifigiúil inniu.

Tosaíodh ar thógáil an togra €12m, a bhí cómhaoinithe faoin gCiste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú (CBAST) i mí Feabhra 2020 agus cuideoidh se leis an líonra iompair áitiúil a fheabhsú go mór chomh maith le dul i ngleic leis na riachtanais tithíochta a bhfuiltear ag súil leis le déimeagrafach atá ag athrú go tapa sa chontae is óige in Éirinn.

Cuireann an nascbhóthar nua agus acomhal uasghrádaithe, ar an teorainn idir Fine Gall agus Cathair Bhaile Átha Cliath, nasc díreach ar fáil go dtí Bóthar Dhroimní ó Bhaile Ghrífín agus is féidir rochtain níos fearr a fháil ar Bhóthar Mhaighne a ritheann chuig an imeallbhord gleoite ag Port Mearnóg agus an glasbhealach idir Baile Dúill agus Port Mearnóg. Cuideoidh sé seo brú tráchta sa cheantar a mhaolú, agus níos mó daoine ag bogadh go Fine Gall mar a thugann forbairtí cónaithe rochtain éasca ar an gcathair i dteannta stíl mhaireachtála shuaimhneach nua aimseartha le tránna gan mhilleadh agus páirceanna móra in aice láimhe.

Ciallaíonn críochnú an bonneagar bóthair ardchaighdeáin go bhfuil a thriú togra CBAST á sholáthar ag Fine Gall faoin gclár Éire a Aththógáil agus Bóthar Dáileora Dhomhnach Bat agus Uasgrádú Bhóthar Ráth Béil oscailte cheana féin.

Tá Fine Gall ag tabhairt faoi chlár tithíochta uaillmhianach a chinnteoidh go gcuirfidh sé leis an líon tithíochta sóisialta, inacmhainne agus príobháidí ar fud an chontae, lena n-áirítear an ceantar cois cósta thart ar Bhaile Dúill agus Phort Mearnóg. D’fhógair an Comhairle le gairid go raibh sí chun thart ar €393m a infheistiú le haghaidh tithíochta le linn na chéad trí bliana eile, rud a chiallaíonn  go mbeidh líon ard tithe á soláthar aici le meascadh cineálacha agus méideanna difriúla a bheidh oiriúnach do réimse líon tí éagsúla, lena n-áirítear seandaoine agus daoine eile le riachtanais tithíochta speisialta. Chomh maith leis sin cruthóidh sí réimse áiseanna pobail agus áiseanna eile chun ceantair iomlána bhríomhara a chruthú.

Mar chuid den síneadh ar Bhóthar Pholl an Bhalla, tógadh droichead nua thar Abhainn na Maighne a bhfuil mar chuid den teorainn riaracháin idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Fhine Gall. Chun borradh a chur faoi Thaisteal Gníomhach sa cheantar, suiteáladh raon coisithe agus rothar faoin droichead agus cois abhainn chun ceangail a dhéanamh le cosáin atá curtha ar fáil ag daoine eile soir agus siar ón droichead.

Dúirt Méara Fhine Gall, Seána Ó Rodaigh: “Tá go leor le ceiliúradh faoi oscailt an lae inniu. D’oibríomar go crua chun a chinntiú nach amháin go rabhamar in ann sábháilteacht, amanna taistil, rochtain áitiúil agus ceangal a fheabhsú do gach úsáideoir bóithre, ach go gcuireann an togra taca faoinár mianta chun riachtanais tithíochta reatha agus sa todhchaí a bhaint amach sa cheantar, rud atá tábhachtach.

Tá beagnach €400m geallta ag Finne Gall i dtreo pleananna a fhorbairt i gcomhair tuilleadh tithe le linn na chéad trí bliana eile, mar sin tá sé ríthábhachtach go bhfuil an bonneagar tacaíochta cearta mar seo i bhfeidhm chun go mbeimid in ann tithíocht a chur ar fáil dóibh siúd is mó gá sa phobal.

Ag labhairt dó, dúirt Aire O’Brien: ‘”Tá ríméad orm a bheith páirteach san ócáid thábhachtach seo. Chuir mo Roinn maoiniú suntasach de €4.7m ar fáil tríd an gCiste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú (CBAST) chun an bóthar a thógáil. Is í aidhm CBAST ná soláthar bonneagar riachtanach a mhaoiniú chun gur féidir talamh criosaithe chun críche cónaithe a fhorbairt.

“Bainfidh muintir Fhine Gall an-tairbhe as oscailt an tsínidh úrnua ar Bhóthar Pholl an Bhalla agus cuirfidh sé tuilleadh tógáil tithíochta ar fáil, rud éigin a bhfuil de dhíth orainn, gan amhras ar bith, anseo sa chontae is óige agus is mó fás.”chríochnaigh sé.

Dúirt Ard Mhéara Bhaile Átha Cliath, Alison Gilliland: Is iontach an rud é an bonneagar tábhachtach seo a fheiceáil ar oscailt ar deireadh. Déanfaidh sé an ceangal idir ár dhá údarás áitiúla a fheabhsú go mór agus déanfaidh sé an stráice bóthair áirithe seo i bhfad níos sábháilte. Chomh maith leis sin cuireann sé deiseanna níos fearr ar fáil d’fhorbairt tithíochta a bhfuil géarghá leis. Ghlac Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath freagracht as na gnéithe cumarsáide tráchta den togra seo agus beidh ról aici i monatóireacht a dhéanamh ar na hacomhail chun sruth tráchta réidh a chinntiú.”

Fuair Fine Gall thart ar €27 milliún i maoiniú CBAST. Úsáideadh an t-airgead a leithdháileadh chun trí thogra straitéiseacha ar fud an chontae a chur i gcrích a chuideoidh le níos mó infhaighteacht tithíochta a éascú, lena n-áirítear feabhsú ar bhonneagar bóthair tábhachtach sa cheantar. Cuireadh an chéad togra a bhí maoinithe faoin sceim CBAS, an Bóthar Dáileora Dhomhnach Bat, i gcrích ag tús na bliana 2020 agus d’oscail Uasgrádú Bhóthar Ráth Béil i Sord in 2020 chomh maith.

Hole in the Wall Rd
Hole in the Wall road opening