Aitheantas tugtha do Mhórtas Ceantair Bhaile an Phléimeannaigh, Bhaile Brigín agus Bhaile an Fhaoitigh, Baile Átha Cliath 15

D’éirigh thar barr le Fine Gall ag Gradaim Mhórtas Ceantair IPB nuair a bronnadh an gradam don ‘Chomharsanacht Uirbeach is Fearr’ ar Bhaile an Phléimeannaigh, Baile Brigín agus ba iad cónaitheoirí Eastát Bhaile an Fhaoitigh, Baile Átha Cliath 15 a fuair an dara duais sa chatagóir ‘Eastát Tithíochta is Fearr’ ag searmanas na nGradam i gCill Chainnigh ar thráthnóna Dé Sathairn.  

IPB Pride of Place awards Flemington and Whitestown

D’éirigh thar barr le Fine Gall ag Gradaim Mhórtas Ceantair IPB nuair a bronnadh an gradam don ‘Chomharsanacht Uirbeach is Fearr’ ar Bhaile an Phléimeannaigh, Baile Brigín agus ba iad cónaitheoirí Eastát Bhaile an Fhaoitigh, Baile Átha Cliath 15 a fuair an dara duais sa chatagóir ‘Eastát Tithíochta is Fearr’ ag searmanas na nGradam i gCill Chainnigh ar thráthnóna Dé Sathairn.  Bhailigh 900 ionadaí ó chontaetha ar fud na hÉireann in Óstán Eastát Lyrath le haghaidh na ngradam Bliantúil Mórtas Ceantair, á reáchtáil ag Comhairle Contae Chill Chainnigh.

Áirítear comharsanacht Bhaile an Phléimeannaigh in iarthuaisceart Bhaile Brigín i measc ceann de na pobail nua is tapa fás in Éirinn agus is é an tIonad Pobail nua i mBaile an Phléimeannaigh an mol comharsanachta as a d’eascair go leor clubanna agus grúpaí nua le blianta beaga anuas.  Bhí na moltóirí thar a bheith tógtha leis an éagsúlacht mhór clubanna gníomhacha i mBaile an Phléimeannaigh a sholáthraíonn timpeallacht uilechuimsitheach dóibh siúd ar fad ar mian leo páirt a ghlacadh ina ngníomhaíochtaí. Rinne siad cur i láthair den scoth maidir le hobair na ngrúpaí éagsúla agus thug siad léargas ar na hiarrachtaí ceannródaíocha atá á ndéanamh dul i bhfeidhm ar gach duine sa phobal. 

Áirítear sa cheantar seo freisin Caisleán Bhrí Mhór a athchóiríodh i gcomhpháirt le clár oiliúna Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire agus tarraingíodh aird náisiúnta air mar cheanncheathrú do Operation Transformation RTÉ i mbliana.   Is é atá i nGrúpa Forbartha Áitiúil Bhaile an Phléimeannaigh (GFBP), atá á chomhordú ag Oifig Forbartha Pobail Fhine Gall, fóram le hgahaidh ionadaithe ón bpobal áitiúil, údarás áitiúil, gníomhaireacht stáit agus forbairt áitiúil i gceantar Bhaile an Phléimeannaigh chun oibriú i gcomhar lena chéile chun déileáil le fadhbanna atá ag teacht chun cinn ag leibhéal áitiúil. Idir thionscadail ghnóthacha Foróige do na daoine óga agus fóram comhtháthaithe láidir, tá comharsanacht uirbeach Bhaile an Phléimeannaigh ag déanamh ionadaíochta ar Fhine Gall mar atá sa lá inniu ann agus ar Éire an lae inniu.

Ba iad cónaitheoirí Eastát Bhaile an Fhaoitigh, Baile Átha Cliath 15, a bhuaigh an dara duais sa chatagóir ‘An tEastát Tithíochta is Fearr’. Thug an grúpa faoi thionscadal pobail uaillmhianach crannlainne le déanaí i gcuimhne ar bhaill den phobal áitiúil ón eastát atá imithe ar shlí na fírinne agus tugadh aitheantas dóibh as an obair mhór atá déanta acu agus as a ndíograis dá gceantar áitiúil.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien, faoi na gradaim: “Ba mhaith liom tréaslú le cónaitheoirí Bhaile an Phléimeannaigh agus Bhaile an Fhaoitigh as an obair atá curtha i gcrích acu sa phobal agus a bhfuil aitheantas tugtha ag na gradaim seo don obair sin.   Tá na gradaim Mórtas Ceantair an-speisialta mar go dtugann siad aitheantas do thionchar dearfach suntasach an chur chuige comhpháirtíochta idir na hÚdaráis Áitiúla agus grúpaí pobail chun pobail inbhuanaithe, ionchuimsitheacha a fhorbairt ar áiteanna iontacha iad le maireachtáil iontu, agus a bhfuil cónaitheoirí bródúil astu.”

Mhol an Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, Margaret Geraghty, an t-éacht agus bhí an méid seo a leanas le rá aici: “Is fianaise iad an dá ghradam Mórtas Ceantair seo do cheantar Fhine Gall ar an obair leanúnach atá ar bun ag foireann Fhorbairt Pobail Fhine Gall chun caidreamh a bhunú le agus cabhrú le grúpaí pobail áitiúla agus cónaitheoirí feabhas dáiríre agus buan a dhéanamh ina bpobail.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tréaslaím le pobail Bhaile an Phléimeannaigh agus Bhaile an Fhaoitigh agus lenár n-oifig Forbartha Pobail féin as aird a tharraingt ar Fhine Gall ag na gradaim Mórtas Ceantair.  Is dea-scéala eile fós do cheantar Bhaile an Phléimeannaigh é an gradam don Chomharsanacht Uirbeach seo, áit a bhfuil Comhairle Contae Fhine Gall agus Ár mBaile Brigín i mbun plean athnuachana samhlaíoch a chur chun feidhme.  Thug an comórtas seo léargas ar conas atá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí eile, gnóthaí áitiúla, an pobal agus an earnáil dheonach chun mórtas ceantair agus suim a chothú i bpobal beo agus ionchuimsitheach i gceantar Bhaile an Phléimeannaigh. Is fís uaillmhianach nua é an plean athnuachana €20 milliún Ár mBaile Brigín don bhaile, atá forbartha bunaithe ar thuairimí an phobail i ndiaidh rannpháirtíocht phoiblí ar ghlac 4000 duine páirt inti.”

Urraithe ag IPB, cuireadh tús leis an gcomórtas Mórtas Ceantair 18 mbliana ó shin trí chlár Co-operation Ireland a bhfuil sé mar aidhm leis aitheantas a thabhairt don obair thairbheach a dhéanann oibrithe deonacha agus iad siúd a bhfuil baint acu le forbairt pobail áitiúil. Tá forbairt tagtha ar an gcomórtas agus anois is ionann é agus an comórtas is mó a bhfuil aitheantas á thabhairt aige d’éachtaí forbartha pobail ar oileán na hÉireann.

Fleminton Pride of Place
Whitestown Pride of Place