Ainmnítear tionscadail de chuid Fhine Gall i gcomhair dámhachtainí um fheabhas

Goats Howth

Cuireadh sé thioncadal i bhFine Gall ar ghearrliosta do Dhámhachtainí um Fheabhas sa Rialtas Áitiúil na bliana seo. Sna dámhachtainí bliantúla seo, taispeántar an deachleachtas sa rialtas áitiúil, agus tugtar aitheantas do na scileanna, don obair chrua, don nuálaíocht agus don díograis atá ann laistigh den earnáil, agus nach n-aithnítear go minic.

Reáchtáladh an comórtas i gcomhar le Cumann Chomhlachais Tráchtála na hÉireann agus leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil, agus fógrófar na buaiteoirí ag searmanas bronnta ar 24 Samhain san Óstán Crowne Plaza i Seantrabh.

I mbliana, ainmníodh Comhairle Contae Fhine Gall i sé chatagóir:

  • Tionscnamh a Thacaíonn le Daoine Breacaosta (Treoir Fhine Gall a Thacaíonn le Daoine Breacaosta)
  • Cumarsáid (Gabhair Mhúchta Dóiteáin i mBinn Éadair)
  • Nuálaíocht Rialtais Áitiúil (Fingalmaker agus maker space)
  • An Fhorbairt Eacnamaíoch a Chur chun Cinn (Straitéis Scileanna Fhine Gall)
  • Timpeallacht Inbhuanaithe (Straitéis Bainistíochta Falscaithe do Cheann Bhinn Éadair)
  • Na hEalaíona a Chothú (Seanchaí Micro Forest)

 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony: “Tá lúcháir orm go bhfuil aitheantas á thabhairt ar scála náisiúnta do sciar mór denár nuálaíochtaí. Léiriú ar fhoireann Fhine Gall a oibríonn go crua agus go díograiseach is ea bheith ar an ngearrliosta seo. Ach ina theannta sin, is léiriú é ar na comhpháirtíochtaí atá ann idir an Chomhairle, na comhaltaí tofa agus laistigh denár bpobail áitiúla.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Fhine Gall: “Is rud iontach é a fheiceáil gur ainmníodh an oiread sin tionscadal sármhaithe agus nuálaíocha i mbliana de bharr an tionchair dhearfaigh a d’imir siad ar phobail Fhine Gall. Ba mhaith liom tréaslú le gach duine as a gcuid oibre, as a dtiomantas agus as a diongbháilteacht, agus iad i mbun na tionscnaimh seo a sheachadadh ar fud an Chontae.”

 

DEIREADH

Ceannscríbhinn: Táthar á rá faoi na Seanghabhair Éireannacha gur lucht múchta dóiteáin iad ós rud é go bhfuil siad ag cabhrú an méid fásra ar Cheann Bhinn Éadair a laghdú.

 

Nótaí d’eagarthóirí

Achoimre ar na tionscadail a ainmníodh

  • Treoir Fhine Gall a Thacaíonn le Daoine Breacaosta

Cruthaíodh an treoir tríd an bhfeachtas #Keep Well chun tacú leis an meabhairshláinte agus leis an bhfolláine le linn 2021. Cuireadh an treoir ar fáil ar fud an chontae, agus istigh ann bhí eolas ar chúrsaí sláinte & folláine, uimhreacha teagmhála don tacaíocht áitiúil, stair agus filíocht, tráth na gceist, oidis, puzail and tuilleadh nach iad.

 

  • Gabhair mhúchta dhóiteáin i mBinn Éadair

Seoladh tionscadal innilte ceannródaíoch i mBinn Éadair. Cuireadh 25 Seanghabhar Éireannach, a tháinig ar dtús ón tréad náisiúnta i gCo. Mhaigh Eo, ag obair chun go gcabhróidís le cosc a chur ar falscaithe.

 

  • Fingalmaker agus maker space

Is spás pobail cruthaitheach oideachasúil é Fingal Maker ar féidir a úsáid ar mhórán slite. Cuireadh maoiniú ar fáil ó leabharlanna Fhine Gall agus Éire Ildánach. Is spás é ina bhfuil réimse áiseanna agus uirlisí, lena n-áirítear ríomhairí glúine, printéir 3T agus gearrthóir vinile.

 

  • Straitéis Scileanna Fhine Gall

Is é seo an chéad straitéis scileanna tras-earnála a forbraíodh ag an leibhéal áitiúil in Éirinn. Tá sé mar aidhm aige scileanna luchta saothair Fhine Gael a mhéadú, rud a rachaidh chun tairbhe na saoránach agus na bhfostóirí araon, ar nós cúrsaí oiliúna nua a fhorbairt, caidrimh agus ceangail le fostóirí a thógáil mar aon le hinstitiúidí oideachais agus le páirtithe leasmhara.

 

  • Straitéis Bainistíochta Falscaithe ar Cheann Bhinn Éadair

D’oibrigh an Chomhairle i gcomhar le saineolaithe falscaithe idirnáisiúnta, le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus le grúpaí pobail áitiúla. D’ullmhaigh grúpaí pobail áitiúla straitéis bainistíochta réamhghníomhach do Bhinn Éadair. Cruthaíodh toitbhearnaí straitéiseacha in aice le réadmhaoin chónaithe, agus chuir an Chomhairle tús le tionscadal innilte gabhar chun an fásra a laghdú.

 

  • Seanchaí MicreaFhoraise

Tá micreafhorais lonnaithe i dtailte Phobalscoil Bhaile an Bhlácaigh. D’fhoghlaim daltaí roinnt seanteicnící, ar nós scoilteadh agus deileadh adhmaid, tochailt, crainn a chur agus mótú. Cuireadh thart ar 450 crann leathanduilleach dúchasach freisin mar chuid den tionscnamh.