Múiríniú agus Athchúrsáil do Scoileanna – bunscoileanna agus meánscoileanna

Forbhreathnú ar an gClár: Tá Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Composting Ireland agus le hOifig Réigiúnach Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir agus Lár Tíre, ag tairiscint an chláir um Athchúrsáil agus Múiríniú do Scoileanna saor in aisce do gach scoil i limistéar Fhine Gall.
Spriocanna an Chláir:
· An t-athrú aeráide a chomhrac
· Dramhaíl a laghdú agus athchúrsáil a fheabhsú
· Deighilt dramhaíola bia a chur chun cinn le haghaidh bailiú araidí donna
· Feabhas a chur ar chórais gharraíodóireachta agus mhúirínithe na scoile
· Bithéagsúlacht a threisiú
· Tacú le Brat na Scoileanna Glasa a bhaint amach
· Cabhrú le scoileanna na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach
Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun áit a chur in áirithe, cliceáil anseo.
Spriocdháta le haghaidh iarratas: An Aoine an 19 Meán Fómhair 2025