An Ligean Rogha-Bhunaithe - Ceisteanna Coitianta

Is bealach é an Ligean Rogha-Bhunaithe (CBL) inar féidir leat do spéis a léiriú chun teaghais oiriúnach de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall a fháil ar cíos i do cheantar roghnaithe.

 

 

     

    Le bheith incháilithe don CBL, caithfidh iarratas gníomhach a bheith agat ar Liosta Feithimh Chomhairle Contae Fhine Gall le haghaidh Tithíochta Sóisialta. Tá iarratasóirí atá ceadaithe le haghaidh aistrithe incháilithe freisin. Níl iarratasóirí atá ceadaithe le haghaidh Morgáiste ar Cíos agus incháilithe don CBL.

    Yes you can apply for CBL if you are on HAP with Fingal County Council.

     

    • Tabharfaidh CBL an deis duit spéis a léiriú i raon aonaid chónaithe de chuid na Comhairle atá oiriúnach don líon daoine i do theaghlaigh
    • Ní fhógrófar teaghaisí atá sain-oiriúnaithe go speisialta nó teaghaisí a theastaíonn do dhaoine scothaosta

     

    Is féidir, is féidir leat léiriú spéise a chur isteach in aonaid réadmhaoine lasmuigh de na 3 ceantair roghnaithe agat.

    Beidh achar ama socraithe ag gach forbairt nach mór duit do spéis a léiriú laistigh de.  Ní féidir léíriú spéise a bhfaightear lasmuigh den achar sin a mheas.  Tabhair faoi deara go bhféadfar roinnt forbairtí a fhógairt le haghaidh tuilleadh léirithe spéise, de réir mar a thagann teaghaisí breise ar fáil.

     

    Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar liosta na haonaid réadmhaoine atá ar fáil chun cabhrú leat cinneadh eolasach a dhéanamh:

    • Suíomh an áitribh
    • Cineál aonaid, teaghais 2-leaba, m.sh.
    • Aicme teaghlaigh atá incháilithe iarratas a dhéanamh, teaghlach duine aonair, m.sh.
    • Pleananna urláir nó grianghraif den áitreabh
    • Aon rialacha tí ábhartha tí, beartas i leith peataí, m.sh.

    Nuair a léiríonn níos mó ná duine amháin spéis in aon aonad CBL amháin, cuirfear na tosca seo a leanas san áireamh agus é á bhreith:

    • Do chatagóir riachtanais faoin scéim Leithdháiltí
    • Cé chomh fada is atá tú ag feithimh ar liosta feithimh Chomhairle Contae Fhine Gall
    • Ina theannta sin, beidh ar theaghlach an iarratasóra nós imeachta grinnfhiosrúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall nó an Chomhlachta Ceadaithe Tithíochta ábhartha a chríochnú.

     

    Má tá peata agat, téigh i gcomhairle leis an aonad cónaithe ar leith a bhfuil suim agat ann chun fáil amach, toisc go mbíonn rialacha tí ag roinnt árasáin srl. a eisiann peataí.

    Téigh i dteagmháil leis an Aonad Cúraim Custaiméirí ar 01-8905000 má bhíonn aon deacracht agat do léiriú spéise a chlárú.