Let’s Fix Fashion

Is é is an clár Let’s Fix Fashion de chuid Chlár na Scoileanna Glasa ann ná feachtas oideachasúil atá dírithe ar dhaoine óga a chumhachtú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha an mhearfhaisin. Baintear úsáid ann as ceardlanna, as seimineáir Ghréasáin, as malartuithe éadaí agus as ardán taispeána faoi stiúir daltaí chun feasacht a mhúscailt faoi dhramhaíl faisin agus chun roghanna inbhuanaithe a chur chun cinn. Déanann daltaí caidreamh le gnólachtaí inbhuanaithe Éireannacha, déanann siad a gcuid taighde féin, agus foghlaimíonn siad faoi na héifeachtaí comhshaoil agus sóisialta domhanda atá ag an tionscal faisin. Leis an bhfeachtas, moltar aistriú i dtreo phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus spreagtar déantóirí óga athruithe chun athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar éadaí, a gcaitear iad agus a bhfaightear réidh leo. Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil agus cláraigh spéis anseo.