Lá Spraíúil don Teaghlach chun Lá Fhéile Bríde a Cheiliúradh

St Brigids Day - Gaeilge.jpg

 Bain taitneamh as ceiliúradh croíúil inár dteannta ar Lá Teaghlaigh Naomh Bríd!

 Dáta: Dé Domhnaigh, 4 Feabhra   Am: 12pm - 3pm

 Suíomh: Ionad Pobail Naomh Bríd, Baile Bhlainséir

Cinntigh go bhfuil tú réidh do lá spraíúil, neart gáire agus píosa spraoi a dhéanamh le do theaghlach!

I measc na ngníomhaíochtaí atá eagraithe do dhaoine de gach aois tá:

  • Cros Bhríde a dhéanamh
  • Paistí Chlóca Bhríde (Tabharfar deis do leanaí cearnóga a mhaisiú a chuirfear le Clóca Bhríde a bheidh ag fás de réir a chéile!)
  • Seó Puipéad ‍
  • Scéalaíocht

 Níl AON TÁILLE le híoc, ach ní mór clárú. Cuir áit in áirithe anois agus tapaigh an deis chun am speisialta a chaitheamh i gcomhluadar do theaghlaigh.

Cliceáil anseo chun áit a chur in áirithe: https://www.eventbrite.com/cc/st-brigid-day-celebrations-fingal-county-…

Cinntigh go mbaineann tú taitneamh as an Lá Teaghlaigh iontach seo in Ionad Pobail Naomh Bríd, Baile Bhlainséir! ‍‍‍

 

Ceolchoirm Naomh Bríd 2024

Ceolchoirm Oíche ag Ceiliúradh Naomh Bríd

Cuir cluas le héisteacht ort agus baint taitneamh as na foinn a bheidh le cloisteáil i rith Cheolchoirm Tráthnóna Naomh Bríd!

Dáta: Dé Luain, 5 Feabhra    Am: 7pm (Doirse ar Oscailt ag 6:30pm)

Suíomh: Séipéal Bhríde, Baile Bhlainséir

Ticéid: €5 (Tabharfar an t-airgead a bhaileofar do Choiste Bailte Slachtmhara Bhaile Bhlainséir)

Cliceáil ar an nasc seo chun do shuíochán a chur in áirithe: https://www.eventbrite.com/cc/st-brigid-day-celebrations-fingal-county-…

Bí inár dteannta chun ceiliúradh draíochtúil a dhéanamh ar Naomh Bríd trí thaibhithe spreagúla ó ealaíontóirí atá bunaithe i bhFine Gall!

 Ealaíontóirí agus Taibhithe:

Craobh Shlí Dhála: Grúpa idirghlúine de mhná agus cailíní ar an stáitse i mbun taibhithe atá bunaithe ar Naomh Bríd. Beidh bean an tí ag cur na hócáide i láthair agus is féidir le gach duine a bheith ag súil le scéalta spéisiúla, filíocht, ceol, amhráin agus damhsa.

Na cruitirí Mary Louise agus Teresa O'Donnell: Beidh tú faoi dhraíocht ag na harmóiní áille a chruthaíonn na cruitirí cumasacha seo.

Amhránaí Traidisiúnta Éireannach, Annie Hughes: Lig do scíth agus éist le nótaí ceolmhara an amhránaí chumasaigh seo a bhfuil a stíl bunaithe ar amhránaithe cáiliúla Bhaile Átha Cliath, leithéidí Liam Weldon agus ar an amhránaí sean-nóis de bhunadh Chonamara, Róisín Elsafty.

Cosnaíonn na ticéid €5, agus úsáidfear an t-airgead a bhaileofar ó dhíol na dticéad chun a chinntiú go bhfuil cuma álainn ar an gceantar trí chabhair ó Choiste Bailte Slachtmhara Bhaile Bhlainséir.

Cinntigh go bhfuil tú in ann freastal ar an gCeolchoirm Tráthnóna speisialta seo i Séipéal Bhríde, Baile Bhlainséir!