Paráidí Lá Fhéile Pádraig 2026

Paráidí Lá Fhéile Pádraig

 

 

malahide st patricks day

Bígí réidh chun glas a chaitheamh agus bród na hÉireann a mhothú agus Fine Gall ag ullmhú dá Páráidí bliantúla Lá Fhéile Pádraig! Ar an 17ú Márta, beidh beocht agus anam i bhFine Gall le ceiliúradh bríomhar a léiríonn croí an chultúir, an cheoil agus spiorad pobail na hÉireann.

Suíomhanna na bParáidí:

Cuireann Fine Gall Paráidí Lá Fhéile Pádraig i láthair go bródúil ag na suíomhanna seo a leanas:

Baile Bhlainséir 12in: Bígí linn do na himeachtaí ceiliúrtha i mBaile Bhlainséir, áit a bheidh na sráideanna beo beathach le fuinneamh spleodrach Lá Fhéile Pádraig.

Sord 11rn: Tá Sord lánullamh chun paráid iontach a óstáil a léiríonn croílár thraidisiún agus oidhreacht na hÉireann.

Baile Brigín 12in: Beidh meascán aoibhinn de dhíograis an phobail agus cumas na hÉireann i bParáid Bhaile Brigín. Bain sult as an siamsaíocht Roimh agus Tar éis na Paráide ar An Stáitse Lark ag Cearnóg Sheoirse óna 11rn-2in

Mullach Íde 2in: Bainigí sult as draíocht Mhullach Íde agus í ag claochlú ina croílár do cheiliúradh spleodrach Lá Fhéile Pádraig.

An Ros 1in: Paráid an Phobail, féach: Comhairle Pobail an Rois

Lusca 1:30in: Paráid an Phobail, féach:  Comhairle Pobail Lusca

Na Sceirí 3in: Paráid an Phobail, féach: Tabhair Cuairt ar Na Sceirí

 

Chun clarú, tabhair cuairt ar www.fingalparades.com

 

Cuirtear in iúl do chónaitheoirí go mbeidh bóithre dúnta timpeall ar na bealaí paráide. Ina theannta sin, féadfar srianta áitiúla a chur i bhfeidhm ón 16ú Márta chun socrú bealaigh agus ardán féachana a éascú.