Imeacht Poiblí maidir le Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht

Exploring & Thinking Public Event

Is creatlach chomhoibríoch do na healaíona luathbhlianta i réigiún Bhaile Átha Cliath é Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht. Forbraíodh é in 2016 nuair a d'oibrigh na ceithre Údarás Áitiúla le chéile den chéad uair chun plé a dhéanamh le chéile ar sholáthar ealaíon luath-óige i réigiún Bhaile Átha Cliath. D'éirigh leis na comhpháirtithe tionscadail a rinne iarratais ar mhaoiniú na Comhairle Ealaíon faoin Scéim um Cuireadh chun Comhoibriú 2016. Dhírigh an comhthogra ar shaothar ealaíne nua a choimisiúnú agus a thabhairt ar chamchuairt chuig na ceithre Údarás Áitiúla le cláir áitiúla rannpháirtíochta, in ionaid ealaíon agus ionaid ealaíon neamh-thraidisiúnta.

Coimisiúnaíodh dhá thionscadal ar leith mar gheall ar an gcreatlach Taiscéalaíochta agus Smaointeoireachta:
                        
Anna Newell, I Am Baba - Píosa amharclannaíochta nua tumthach do bhabaithe idir 0-12 mhí. Coimisiún iomlán le haghaidh 'I Am Baba' a fhorbairt, a chruthú agus a thabhairt ar thaiscéalaíocht chuig na ceithre cheantar Údaráis Áitiúil.
                        
Helen Barry and Eamon Sweeney, Sculptunes - Dealbh modúlach idirghníomhach a tháirgeann ceol. Ba choimisiún taighde agus forbartha é seo a thacaigh leis na healaíontóirí píosa amháin den togra bunaidh, ina raibh sé phíosa, a fhorbairt agus an dealbh ceoil seo a thástáil le leanaí agus cleachtóirí luathchúraim leanaí.

Is mian leis an gcomhpháirtíocht Údaráis Áitiúil i gcomhar le hOspidéal Náisiúnta na Leanaí anois an obair choimisiúnaithe a roinnt agus cuireann siad cuireadh chugat cloisteáil ó na healaíontóirí coimisiúnaithe. Cuirfear foilseachán i láthair ag an lá ina dtugtar achoimre ar an bpróiseas coimisiúnaithe, torthaí agus tionchair na creatlaí comhoibríche, chomh maith le taighde breise a rinne na healaíontóirí agus príomhphearsanra. Féach an clár atá ceangailte le haghaidh tuilleadh eolais ar an imeacht.

Sceideal an Imeachta

Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht 2016-2018: Athbhreithniú

The four Dublin Local Authorities (Fingal County Council, Dublin City Council, Dún Laoghaire-Rathdown County Council and South Dublin County Council) worked in partnership to invite applications for the creation of new artwork(s) of ambition, scale and depth for an early childhood audience.

We put a call out for individuals, collectives, organisations or companies to develop exciting and ambitious new artistic work for an early childhood audience. This audience includes children, parents and early childhood educators.

This opportunity was funded by the Arts Council of Ireland’s Invitation to Collaboration Scheme and the four Dublin Local Authorities.

Download the commission brief and support document on this page. 

Brief

Supporting Document

Discussion of Brief: Q&A