Faigh Fearas Malartaithe Éadaí ar iasacht le haghaidh d’imeachta scoile malartaithe éadaí.

CLOTHES Swap kit

De réir phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh, déanann Comhairle Contae Fhine Gall malartuithe éadaí a chothú agus a chur chun cinn mar bhealach éifeachtach chun dul i ngleic leis an mearfhaisean. In ionad cur le dramhaíl teicstílí, cén fáth nach dtabharfá do chuid míreanna chuig imeacht malartaithe éadaí? Cuirfear beocht nua i do chuid éadaí, agus siúlfaidh tú amach agus roinnt píosaí atá nua duit i do lámha agat.

Chun tacú le scoileanna i bhFine Gall, tá Fearas Malartaithe Éadaí SAOR IN AISCE ar fáil le fáil ar iasacht le haghaidh d’imeachta scoile. Mar aon leis an bhfearas, gheobhaidh tú leideanna úsáideacha maidir le conas malartú éadaí a reáchtáil go rathúil. Tá an

tionscnamh seo ina chomhpháirtíocht idir Comhairle Contae Fhine Gall agus Change Clothes agus tá sé mar aidhm leis faisean inbhuanaithe a chur chun cinn agus naisc phobail a neartú ar fud Fhine Gall. Tá malartú éadaí a óstáil ina bhealach iontach chun daoine a thabhairt le chéile, chun dramhaíl teicstílí a laghdú, agus chun do chuid éadaigh a chóiriú.

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na rudaí atá ar fáil san fhearas agus chun rochtain a fháil ar an treoir maidir le malartú éadaí a óstáil, agus cliceáil anseo chun d’fhearas a chur in áirithe.