Tolg to 3k Bhaile Átha Cliath

Tá Oifig Spóirt, Comhairle Contae Fhine Gall in éineacht le Comhairlí Cathrach agus Contae Bhaile Átha Cliath agus líonra na gComhphairtíochtaí Spóirt Áitiúla ag teacht le chéile chun clár Tolg go 3k saor in aisce a chur ar fáil. Mairfidh sé 6 seachtainí agus beidh sé ag tosú ar Dé Luain, 29 Meitheamh.

Couch to 3k

Is cuma mura dtéann tú riamh ag bogshodar agus nach bhfuil ag teastáil uait ach bheith níos gníomhaí, is bealach éasca é Tolg go 3K chun é sin a bhaint amach. Tá an clár ann do gach duine, idir fhir agus mhná, ar mhaith leo bheith beagáinín níos gníomhaí agus bogadh ar aghaidh ón siúl go dtí an bogshodar. Mura bhfuil tú cinnte conas tosú, beidh sé seo foirfe duitse. Níl an clár dírithe ar an mbogshodar amháin – tosaíonn sé le meascán de choisíocht agus de bhogshodar chun go neartóidh tú tú féin de réir a chéile. Is féidir é a dhéanamh ar do luas féin.

Níl le déanamh ach clárú don chlar agus gheobhaidh tú ríomhphost go seachtainiúil le pleananna traenála ina bhfuil cleachtaí réamhaclaíochta/fuaraithe agus leideanna. Beidh grúpa Facebook do rannpháirtithe ar fáil chun a gcuid taithí a roinnt agus daoine eile a spreagadh.

Mar mhisneach breise, gheobhaidh gach duine a ghlacann páirt bonn nuair a chríochnóidh siad an clár!

Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clárú saor in aisce, tríd an leathanach Eventbrite https://allofdublincouchto3k.eventbrite.ie

Tabhair do d’aire, ba chóir do dhaoine ar mhaith leo bheith páirteach sa chlár dul i dteagmháil lena ndochtúir teaghlaigh már tá aon cheist acu maidir lena sláinte roimh tosú ar an glcár seo.