Swan Lake - Ballet Ireland i gcomhar le EY Ireland

Dáta agus Am Oscailte

DÉ hAOINE 22 - DÉ SATHAIRN 23 SAMHAIN 2019 8 PM Príomh-Halla // €25 / €23 lacáiste / €18 (faoi bhun 16)

Tá ríméad ar Ballet Ireland, i gcomhar le EY Ireland, turas náisiúnta de Swan Lake a chur i láthair ag 19 n-amharclann ar fud na hÉireann. Tá Swan Lake ar cheann de na scéalta grá is fearr sa bhailé clasaiceach.

Ceanglaíonn an bailé is cáiliúla seo téamaí rómánsacha, teicníocht chlasaiceach agus íomháineachas neamhshaolta le scór mórga Tchaikovsky chun neamhbhásmhaireacht an tsárshaothair seo a bhaint amach.

Insíonn Swan Lake scéal Odette, banphrionsa álainn. Déanann an draíodóir olc Von Rothbart eala d'Odette i rith an lae ach faigheann sí a cruth daonna arís san oíche. Agus é amuigh ag seilg cois locha, casann an Prionsa Siegfried uirthi agus titeann sé i ngrá léi. Ach an mbeidh sé ábalta geasa Von Rothbart a bhaint...?

Tá an scéal grá agus tragóide seo faoin maith agus faoin olc ag cur an lucht féachana faoi dhraíocht ó cuireadh é i láthair den chéad uair i 1877.  
An fómhar seo, cuirfidh 25 damhsóir gairmiúil den chéad scoth as Éirinn agus tíortha thar lear an léiriú iontach seo ar stáitse. Bhí an lucht féachana agus léirmheastóirí an-tógtha leis an uair dheireanach a chuir Ballet Ireland ar stáitse é.

"Léiriú foirfe agus tréshoilseach den sárbhaile rómánsach seo ... Gnéithe cliste ó thaobh cóiréagrafaíochta, léirithe agus stáitsithe de." The Irish Times

"Léiriú corraitheach... bhí an chóiréagrafaíocht go hálainn." The Sunday Business Post

"Léiriú spleodrach agus álainn." Irish Mail on Sunday