Seoladh Conairí Digiteacha i gCaisleán Cnucha agus i mBaile Brigín, Dé Luain an 14 Lúnasa!

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tús a chur le dhá chonair oidhreachta dhigiteacha nua mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.

 

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tús a chur le dhá chonair oidhreachta dhigiteacha nua mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.

Bígí linn in aitriam Halla an Chontae, Sord ag 11rn Dé Luain an 14 Lúnasa áit a mbeimid ag cur tús oifigiúil leis na conairí nua i mBaile Brigín agus  i gCaisleán Cnucha á seoladh ar an aip Dublin Discovery Trails atá arna thacú ag Fáilte Éireann.

Baineann na conairí seo úsáid as méadú na réaltachta, na beochana agus na scéalaíochta chun beocht a chur ar oidhreacht, scéalta agus daoine mór le rá na seanlaethanta sa dá láthair seo.

Tá stair, cultúir agus sainchomharthaí iontacha ag Baile Brigín agus ag Caisleán Cnucha ar féidir le héinne ar bith a bhfuil an Dublin Discovery App acu iniúchadh a dhéanamh orthu anois! Tabharfaidh an aip treoir duit ar thuras fionnachtana chuig cuid de na suíomhanna agus na hionaid spéise sa chathair, rud a chuirfidh ar do chumas scéalta láidre faoi oidhreacht Bhaile Átha Cliath a nochtadh agus tú ag siúl feadh conairí faoi threoir GPS.

Balbriggan Digital Trails Discover Dublin Post
Castleknock Digital Trails Discover Dublin Heritage Week Poster