SEAC Beo ag Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe

Tá SEAC Beo ar cheann de na chéad chéimeanna d’athoscailt Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe agus beidh ealaíontóirí ann a chuimsíonn Muireann Ni Amhlaoibh agus NoCrows a áiríonn Steve Wickham ó The Waterboys. 

Sraith sruthanna ceoil beo de cheol tíre, traidisiúnta agus comhaimseartha na hÉireann isea SEAC Beo a chuireann Ionad Ealaíon Séamus Ennis i láthair le tacaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall agus Ealaíona Fhine Gall. Déanfar iad a shruthú ó Stiúideo 1 ag Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe a bhfuil clú agus cáil air i gCeantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath.

Is féidir breathnú ar na sruthanna seo ar theilifíseáin chliste nó ar ghléasanna soghluaiste agus beidh siad idirghníomhach: is féidir leis an lucht leanúna comhrá a bheith acu leis na ceoltóirí, iarratais a chur isteach agus suíochán chun tosaigh a bheith acu le haghaidh sároíche ceoil agus siamsaíochta. Is féidir le baill den lucht féachana clárú chun páirt a ghlacadh ann trí Zoom agus teilgfear iad ar bhallaí an stiúideo le linn an taispeántais. D’fhéadfadh go mbeadh roinnt aíonna speisialta ag bualadh isteach freisin.  

Is féidir leis an lucht féachana tiúnáil isteach ar SEAC Beo ó gach cearn den domhan chun féachaint ar na sárcheoltóirí seo. Tabharfaidh said cultúr dochreidte ceoil na hÉireann go tithe ar fud an domhain agus tarraingeoidh siad suim ag leibhéal idirnáisiúnta chuig diaspóra na hÉireann agus chuig na hÉireannaigh thar lear a shantaíonn a gcultúr agus a n-oidhreacht Éireannach.