Scríbhneoireachta Cruthaithí le Maeve Devoy
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Réaltaí an tSamhraidh, chruthaigh an t-údar agus an t-iriseoir Maeve Devoy sraith físeáin scríbhneoireachta cruthaithí do leanaí idir 8 agus 12 bhliain d’aois a chuirfidh Leabharlanna Fhine Gall in airde gach seachtain. Tabharfaidh an chéad fhíseán leanaí ar thuras draíochtach chuig an sorcas agus díreofar san fhíseán ar fhorbairt carachtair ag an am céanna.
