Scéal na mBee Gees - Nights on Broadway

DÉ hAOINE 24 - DÉ SATHAIRN 25 EANÁIR 2020 8 P.M. Príomh-Halla // €25 / €23 lacáiste

Ní féidir leat na Bee Gees a fheiceáil níos mó, ach is féidir leat 'Nights on Broadway' a fheiceáil agus sult a bhaint as ceolchoirm ina mbeidh an ceol thar cionn a scríobh na deartháireacha Gibb.

Is ceolchoirm ómóis bheo é 'The Bee Gees Story - Nights on Broadway'. Beidh a n-amhráin iontacha go léir as na 60idí go dtí na 90idí á seinm. Tá an cheolchoirm dílis do cheol an bhanna, athrófar feisteas na gceoltóirí lena linn agus déanfar aithris chruinn ar ghuthanna deasa agus comhcheol na mBee Gees. Tabharfaidh an seó seo deis don lucht éisteachta taithí ar cheolchoirm Bee Gees a fheiceáil beo a fháil. Cuireann an banna seisear seo na hamhráin chlasaiceacha, meascraí acústach, amhráin a scríobhadh do cheoltóirí eile agus amhráin a mbeidh an t-urlár lán dá bharr le chéile chun scéal na mBee Gees a insint ó thús go deireadh.

Tá an seó ar ais de bharr éileamh an phobail tar éis na seónna DÍOLTA AMACH i Samhain 2018 agus Márta 2019. www.nightsonbroadway.net