Robin Hood, An Gheamaireacht

Grúpa Geamaireachta Chúil Mhín

DÉ SATHAIRN 4 - DÉ DOMHNAIGH 19 EANÁIR 2020 Príomh-Halla // €22 / €19 lacáiste / €19 don léiriú suaimhneach

Tá Grúpa Geamaireachta Chúil Mhín ar ais le leagan geamaireachta an fhinscéil Robin Hood don teaghlach ar fad. Glac páirt sa spraoi fad a théann An Ridire Robin de Locksley agus a mháthair, An Bhantiarna Rose Bud, chun troda le claimhte agus saigheada i gcoinne Shirriam Nothingdoing, An Ridire Guy Stirling. An féidir leis an Ridire Robin Maid Marian a tharrtháil ón Sirriam olc? Is cinnte go mbeidh spraoi agus gáire ann in éineacht le Fir Mheidhreacha Robin, Friar Tuck agus a Mhanaigh a Shrannann agus na Mná Rialta Ceolmhara an Ghrinn.

DÉ SATHAIRN 04  2 P.M. & 7.30 P.M. / DÉ DOMHNAIGH 05 1 P.M. & 5.30 P.M.
DÉ CÉADAOIN 08  7 P.M. (LÉIRIÚ SUAIMHNEACH €19)
DÉARDAOIN 09  7.30 P.M. / DÉ hAOINE 10  7.30 P.M.
DÉ SATHAIRN 11  2 P.M. & 7.30 P.M. / DÉ DOMHNAIGH 12  1 P.M. & 5.30 P.M.
DÉ CÉADAOIN 15 7.30 P.M. / DÉARDAOIN 16  7.30 P.M.
DÉ hAOINE 17  7.30 P.M. / DÉ SATHAIRN 18  2 P.M. & 7.30 P.M.
DÉ DOMHNAIGH 19  2 P.M.

Bain taitneamh as ár Léiriú Suaimhneach Dé Céadaoin 8 Eanáir. Ní bheidh aon torann ná plab tobann ann, beidh líon teoranta daoine ann, beidh tú ábalta bogadh timpeall, beidh an solas níos boige agus níos gile ann agus beidh airde an cheoil ag leibhéal oiriúnach. Chomh maith leis sin, cuirfimid limistéar scíthe ar fáil ina mbeidh solas íseal agus beidh tuismitheoirí/caomhnóirí ábalta páistí a bhféadfadh sos beag a bheith ag teastáil uathu a thabhairt ann. Cosnaíonn ticéid don léiriú seo €19.