Preabphicnic

Is taibhiú ilchéadfach é an Phreabphicnic do leanaí óga a bhfuil riachtanais chasta acu.  

Téann an taibhiú beo seo – do leanaí óga a bhfuil riachtanais chasta acu agus don chlann go léir – i bhfeidhm ar na céadfaí go léir.

Fágtar ciseán picnic lán d’earraí céadfacha ag do dhoras. Ansin, agus tú go compordach sa bhaile – cuireann Niamh, Roseanne agus Julie seó beo ar siúl duit trí Zoom.

Déanfar domhan suaimhneach ina bhfuil ceol, fuaimeanna, puipéadóireacht, gluaiseacht agus spraoi tadhlach a thaiscéaladh sa seó idirghníomhach, draíochtúil seo.

Déanfaidh na heagraíochtaí cúraim na rannpháirtithe don phicnic a roghnú roimh ré. Ní féidir clárú don imeacht seo.