Oíche Cheoil Sheachtain na Gaeilge Áras an Chontae 8 Márta

Berndadette NicGabhann, Éilis Murphy & Megan Nic Fhionnghaile, le tacaíocht ó Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Ar mhaith leat oíche cheoil & craic saor in aisce? Bígí linn in Áras an Chontae Sord chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh Dé Céadaoin  8 Márta ag 7 pm. le  Bernadette NicGabhann, Éilis Murphy agus Megan Nic Fhionnghaile gach eolas  [email protected]  

Saor in Aisce. Beidh sólaistí ar fáil 

Bernadette Nic Gabhann 

De shliocht ceolmhar as Co. na Mídhe a thagann an fidléir Bernadette Nic Gabhann. D’fhás Bernadette aníos ag foghlaim & ag seinnt faoi thionchar a hathair – Antóin Mac Gabhann, chomh maith le clann & cáirde ceolmhar timpeall ar mhachairí na Mí. Ba mhinic oícheanta bríomhar sna tithe acu sa cheantair, nós atá ann go fóill le craoladh beo RTE Raidio1 Céilí House gach Eanair. I ndiadh seal ar an Ollscoil, Chaith Bernadette tréimhse ar camchuairt mar fidléir le seó-anna Lord of the Dance agus Gaelforce Dance. Le linn na hama seo, sheinn sí ar mór-stáitsí timpeall an domhain ó Alaska chuig an Chóiré , (Taiwan , Meirceá Thuaidh , Ceanada ina measc.)

Is ball í den ghrúpa aitheanta NicGaviskey, grúpa Gael-Meirceánach de cheathrar a sheol an dlúthdhiosca Home Away from Home sa bhlian 2010.

Tá rath & éileamh ar an chéad dlúthdhiosca aonarach ó Bernadette - Here to Play a sheol sí sa bhlian 2017.

Éilis Murphy

Is seinnteoir consairtín as Baile Átha Claith í Éilis Murphy. Tá sí báite sa cheol, amhránaíocht agus damhsa Gaelach ar feadh a saoil toisc go dtagann sí ó  theaghlach fíorcheolmhar. Baineann a stíl agus inspioráid go mór le réigiún an Chláir. Múineann Éilis ceol i mBaile Átha Cliath agus is aoibhinn léi seinnt thar lear gach deis a fhaigheann sí.

Megan Nic Fhionnghaile

Is fidléir í Megan Nic Fhionnghaile as Gaoth Dobhair, réigiún a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar a saibhreas ceoil Gaelach agus oidhreacht teanga. Agus í ag fás aníos bhí sí báite in amhráin agus ceol cheoltóirí an cheantair sin. Seachas neart gradam a bhuachan agus seinnt in éineacht le go leor de na ceoltóirí is cáiliúla in Éirinn, bhain Megan céim BA amach sa Cheol Gaelach ó Ollscoil Luimnigh i 2022.

 

 

SNAG 2023 County Hall