Moon Woke Me Up

Little Bigtop i gcomhar le The Civic

DÉ CÉADAOIN 22 - DÉARDAOIN 23 EANÁIR 2020 Stiúideo agus Seomra Ceardlainne Dhraíocht

DÉ CÉADAOIN 22 - DÉARDAOIN 23 EANÁIR 2020
10 A.M. & 11.15 A.M. (áirithintí naíolanna)
12.30 P.M. (áirithintí poiblí)
€7 daoine fásta / €5 leanaí / múinteoirí saor in aisce le grúpaí 15+
Aois 2-4 bliana / Fad: seó 40 nóiméad + dráma 40 nóiméad
Chun áiteanna a chur in áirithe do ghrúpa naíolainne, cuir glaoch ar 01 8852622

Dhúisigh an ghealach ní n-uaire mé. Ní raibh sé ach 4 a chloig ar maidin.
Mar sin, thóg mé roicéad le mo chairde. Agus chuamar ar turas nach mbeidh deireadh leis.
Tar linn. Tar agus bí ag spraoi linn. Tar agus tóg roicéad linn a éireoidh ó thalamh DE PHLÉASC agus a thógfaidh muid ar thuras draíochtach go dtí an ghealach. An bealach ar fad, go hard sa spéir, sa spás amuigh.
Meas tú an bhfuil boladh cáise uaithi? Meas tú an ndéanfaidh mé sraoth mar gheall uirthi? Gheobhaimis amach!

Is turas idirghníomhach amharclainne é Moon Woke Me Up go dtí an spás amuigh do leanaí idir 2-4 bliana d'aois. Fuarthas spreagadh ó Haiku a scríobh Basho Matsuo a bhfuil an teideal céanna aige dó. Úsáidtear meascán iontach de léiriú agus dráma idirghníomhach, súgradh cuiditheach agus taiscéalaíocht chéadfach ann. Tá an léiriú ar siúl in éineacht le SPACE TO PLAY, ar spás idirghníomhach saorshúgartha a dhear Orla Kelly ó Early Childhood Creativity i gcomhar le Little Bigtop é.

Arna choimisiúnú ag The Civic. Fuair an léiriú bunaidh maoiniú ó The Civic, Éire Ildánach agus Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas mar chuid de chomhpháirtíocht lena dtacaíonn Leabharlanna Bhaile Átha Cliath Theas agus Rua Red leis.