Léiriú Papi Chulo

Uaireanta, is é an strainséir an cara is fearr is féidir

B’éigean do Sheán, fear na haimsire a bhí ag éirí go geal leis, am saor a ghlacadh ón obair tar éis dó briseadh síos go hiomlán beo ar an aer. Agus é ag fuascailt chun rudaí a aimsiú le déanamh chun deireadh a chur lena theann leadráin, thosaíonn sé ag déanamh an DIY chun rudaí a chur ina dhiaidh, ach tá an DIY a dhéanann sé uafásach amach is amach. Ar deireadh thiar, fágann sé seo gurbh éigean dó Ernesto a fhostú, oibrí imirceach Latino meánaosta chun an deic ar a theach a phéinteáil, agus d’fhás cairdeas eatarthu nach raibh aon súil leis.

In ainneoin na difríochtaí atá eatarthu agus in ainneoin an bacainn iomlán atá ann ó thaobh teanga, fásann nasc idir an mbeirt fhear go deas réidh mall, agus cuireann Ernesto an tacaíocht a theastaíonn ó Seán ar fáil dó agus é ag fuascailt leis an uaigneas agus ag déanamh iarracht sonas a thabhairt ar ais isteach ina shaol.

Scannán grinn spreagúil atá mar ómós d’áthas an chairdis atá ann a chruthaigh
 an scríbhneoir/stiúrthóir John Butler (The Stag, Handsome Devil)
Tagann “Papi Chulo” aniar aduaidh ort agus téann i bhfeidhm i gceart ort. Ní mar a bhíonn tú ag súil leis, nó mar a bheadh tú ag iarraidh leis a bheith, a théann cúrsa an scéil, ach rachaidh sé i bhfeidhm ort nuair a fheiceann tú é.”
- Joe Leydon, Variety

’… scannán beag, macánta atá ann atá croíúil amach is amach…’’
- Rex Reed, The Observer

“****” - Donald Clarke, The Irish Times

Stiúrthóir: John Butler
Fad Ama: 99 nóiméad
Teanga: An Béarla & An Spáinnis (le fotheidil Bhéarla)
Deimhniú: 15A

Cead Isteach: Cairde / Baill an SEAC: SAOR IN AISCE, ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré
Daoine nach baill iad: €5 roimh ré, €7 ag an doras
Lamháltais do dhaoine nach baill iad: €4 roimh ré, €6 ag an doras