Foster & Allen – Camchuairt Timeless Memories

DÉ MÁIRT, 23 EANÁIR 2020, 8 P.M. Príomh-Halla // €30

Le linn a ngairme 40 bliain, chuir Foster & Allen os cionn 30 albam amach. Tháinig 'A Bunch of Thyme' isteach sna cairteacha in Éirinn i 1979 agus ba é sin a gcéad singil Uimhir 1. Ina dhiaidh sin, bhí 'Maggie' ag Uimhir 1 sa Nua-Shéalainn ar feadh ceithre seachtaine. Is iad an dá amhrán sin na hamhráin dá gcuid is mó a bhfuil clú orthu. Thosaigh siad amach mar dhísreach sna 1970idí, ach chuir siad banna ceoil lena seó i 1982. Ó shin amach, chuaigh Mick Foster agus Tony Allen ar camchuairt sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn gach bliain agus díolann a gcuid ceolchoirmeacha amach aon áit a dtéann siad. Chomh maith leis sin, d'éirigh go maith lena gcamchuairteanna ar na Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, An Astráil, An Nua-Shéalainn agus An Tasmáin. Tá os cionn 22 milliún albam agus físeán díolta acu ar fud an domhain. Tá tacaíocht á tabhairt don chamchuairt seo i 2020 ag eisiúint úrnua dar teideal 'Timeless Memories', ar eagrán speisialta é a bhfuil 182 amhrán agus 10 ndlúthdhiosca mar chuid de. Tá roinnt de na hamhráin agus albaim is mó a bhfuil cáil orthu ar fáil ann, ‘Maggie’, ‘After all These Years’, ‘Reminiscing’, ‘Reflections’, ‘Remember You’re Mine’ agus a thuilleadh nach iad san áireamh.