Dá bhféadfadh na crainn labhairt

Sa tionscadal seo Dá bhFéadfadh na Crainn Labhairt déantar obair ghrianghrafadóireachta do leanaí bunscoile de chuid an ealaíontóra Louis Haugh a chíoradh. Cuirfear a ghrianghraif i láthair ar chlár fógraí i bPort Mearnóg, Fine Gall, i mBealtaine agus Meitheamh 2021 chun go mbeidh na leanaí ábalta an obair a fheiceáil ar scála mór.

Cuirfidh na leanaí aithne ar oibreacha grianghrafadóireachta Louis mar thúsphointe le haghaidh comhrá mar gheall ar chrainn. Eascraíonn na grianghraif seo as taighde atá déanta ag Louis ar stair na foraoiseachta tráchtála in Éirinn agus an tionchar atá ag na plandálacha sprús Sitceach ar an tírdhreach le 100 bliain anuas.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise [email protected]