Corn Measa Fíorúil

Tá ‘Corn Measa’ de chuid an FAI/Comhairle Contae Fhine Gall mar chuid de sheachtainí FARE (Peil in aghaidh an Chiníochais san Eoraip) agus an tionscnamh ‘Taispeáin an Cárta Dearg don Chiníochas’ tar éis athrú (de bharr srianta COVID) ó chluichí peile ar an bpáirc peile go comórtas ealaíne do ranganna 3 agus 4 ó bhunscoileanna i mBaile Átha Cliath 15. Spreagfar scoileanna agus ranganna chun píosaí ealaíne a chruthú bainteach leis an téama ‘Meas’, iad a roinnt ar na meáin shóisialta agus dul san iomaíocht le scoileanna eile le haghaidh duaiseanna.