Amharclann na nÓg Baile Átha Cliath 15

Tá dhá saothar filíochta nua á gcur i láthair ag Amharclann na nÓg Baile Átha Cliath 15. Chruthaigh na baill na saothair seo nuair a bhí siad ag obair leis an bhfile, an taibheoir agus an drámadóir FeliSpeaks aka Felicia Olusanya, mar aon leis an aisteoir agus éascaitheoir Emily Matthews. Is léiriú iad na saothair seo ar shaol na ndaoine óga seo atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath 15 inniu.

Threoraigh FeliSpeaks an grúpa trí chomhráite a thabharfadh ábhar machnaimh duit, cleachtaí machnaimh agus cluichí comhcheangal focal, roimh iad a chur ar an eolas maidir lena cuid oibre féin agus obair dhaoine eile chun iad a spreagadh. Tar éis ocht ndán aonair a chumadh, bheartaigh an grúpa dhá bhailiúchán a chruthú ina mbeadh ceathrar i ngach grúpa. Tháinig caidreamh siombóiseach chun cinn ina raibh an dá ghrúpa faoi bhláth agus iad ag tacú dá chéile. Chuir Felicia treoir ar fáil agus scríobh siad dhá dhán uathúil.  Pléadh freisin conas iad a chur i láthair agus a aistriú do lucht féachana. D’oibrigh an grúpa leis an ndéantóir scannán Kilian Waters as Arcade Film chun na hoibreacha closamhairc cumasaithe seo a chruthú agus tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh astu agus muid ag ceiliúreach Cruinniú na nÓg 2021.

Tá aitheantas forleathan tuillte ag FeliSpeaks’ don mhéid a dhéanann sí don ealaín chomhaimseartha in Éirinn agus faoi láthair tá dán léi ar an gcuraclam Béarla don ardteistiméireacht ‘For Our Mothers’ sa bhliain scrúdaithe 2023. Is tionscadal comhpháirtithe é seo idir Amharclann na nÓg BÁC15 de chuid Draíocht agus Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall.

Is imeacht réamhthaifeadta é seo agus is féidir é a fheiceáil anseo https://vimeo.com/560840451   . Le haghaidh tuilleadh eolais, cuir ríomhphost chuig s%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]