Caisleán Bhinn Éadair

Howth Castle Exterior

Tógadh Caisleán Bhinn Éadair ar dtús ar a shuíomh reatha i 1235 agus téann gnéithe den Chaisleán siar go dtí 1425, lena n-áirítear an túr sa chlós tosaigh. Áit chónaithe d’Iarlaí Bhinn Éadair a bhí ann i dtosach, agus sa lá atá inniu ann is áras teaghlaigh é den teaghlach Gaisford St Lawrences, agus tá sé sa teaghlach céanna le blianta fada, agus sampla iontach é den chaoi ar thiontaíodh tithe stairiúla in Éirinn thar na céadta bliain.

Dúirt Julian Gaisford St Lawrence ag seoladh na dTuras Treoraithe “Tá áthas orainn fáilte a chur roimh chuairteoirí chuig an gCaisleán le haghaidh Turas Treoraithe, tuigimid go bhfuil spéis mhór i gCaisleán Bhinn Éadair mar ba cheann de na Caisleáin chónaithe is sine  in Éirinn é agus tá turas á chur ar fáil againn a thabharfaidh léargas ar an gCaisleán agus ar a chuid cónaitheoirí thar na céadta bliain. ”

Treorófar cuairteoirí trí na seomraí foirmiúla inar cuireadh fáilte roimh aíonna ar nós na Banríona Victoria agus Bing Crosby, beidh scéalta faoi chuairt Ghráinne Mhaol agus an Claíomh maorga de Bhinn Éadair