Dámhachtainí Thionscadal Fhine Gall Ildánach 2020

Mar chuid de chlár Éire Ildánach 2020 Fhine Gall, iarrann Comhairle Contae Fhine Gall iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí a bhfuil tionscadail seachbhrabúsacha acu a dhéanann iniúchadh cruthaitheach ar cheann amháin ar a laghad de na téamaí seo a leanas;

  • Folláine agus Cultúr an Phobail
  • Oidhreacht (a bhféadfadh a bheith ar áireamh ann taiscéalaíocht stairiúil)
  • Ceol
  • STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic)
  • An Ghaeilge

Tabharfar tús áite do thionscadail a chomhcheanglaíonn dhá théama nó níos mó 

Meastar go mbronnfar sraith dámhachtainí ar fiú thart ar €3,000 - €10,000 iad.

Agus é dírithe ar fhéiniúlacht, ar chultúr agus ar shaoránacht, tá an Clár Éire Ildánach tiomanta do thacaíocht bhríoch a sholáthar do dhaoine aonair agus do ghrúpaí cruthaitheacha ó gach disciplín.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Dámhachtainí Thionscadal Chruthaitheach Fhine Gall 2020 a fháil trí ríomhphost a chur chuig [email protected] .

Treoirlínte

Is tionscnamh Rialtais cúig bliana é Éire Ildánach 2017-2022 a chuireann cruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí.  Is éard is Fine Gall Ildánach ann ná cur i bhfeidhm áitiúil an tionscnaimh seo ar fud limistéar Fhine Gall.

Mar chuid de chlár Éire Ildánach 2020 Fhine Gall, iarrann Comhairle Contae Fhine Gall iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí a bhfuil tionscadail seachbhrabúsacha acu a dhéanann iniúchadh cruthaitheach ar cheann amháin ar a laghad de na téamaí seo a leanas;

  • Folláine agus Cultúr an Phobail
  • Oidhreacht (a bhféadfadh a bheith ar áireamh ann taiscéalaíocht stairiúil)
  • Ceol
  • STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic)
  • An Ghaeilge

 

Tabharfar tús áite do thionscadail a chomhcheanglaíonn dhá théama nó níos mó

 Meastar go mbronnfar sraith dámhachtainí ar fiú thart ar €3,000 - €10,000 iad.

COINNÍOLLACHA

  1. Ní ghlacfar le hiarratais ach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil agus sin amháin.
  2. Ní bheidh na ábhair tacaíochta níos mó ná A4. Ní dhéanfar ábhar tacaíochta níos mó ná A4 a mheas.
  3. Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas Dé hAoine an 28 Feabhra 2020, ag 16.30.

Ní bhreithneofar iarratais dhéanacha. 

  1. Ní féidir iarratais a dhéanamh ach amháin go dtarlóidh tionscadail i Limistéar Fhine Gall.
  2. Ní mór na tionscadail a bheith críochnaithe faoin 1 Samhain 2020.
  3. Ní mór go mbeadh gné an chomhéadan phoiblí/rannpháirtíochta poiblí den tionscadal/imeacht a bheith saor in aisce.
  4. Áireofar ar na Critéir Roghnúcháin:

(a) A mhéid atá an t-imeacht/tionscadal atá beartaithe ailínithe le Colún Chlár Éire Ildánach - ‘Cruthaitheacht a Chumasú i ngach Pobal’;

(b) A mhéid is a uasmhéadaíonn an t-imeacht/tionscadal atá beartaithe rannpháirtíocht an phobail agus na saoránach;

(c) A mhéid atá an ócáid/tionscadal atá beartaithe uaillmhianach, nuálach agus a chothaíonn sé cruthaitheacht;

(d) Scóip fhéideartha an imeacht/ an tionscadail agus an spriocghrúpa ionchais;

(e) Costas an imeachta/an tionscadail atá beartaithe agus aon tacaíochtaí agus maoiniú breise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil nó atá daingnithe; agus

(f) Indéantacht an tionscadal a chríochnú laistigh den achar ama sonraithe.

  1. Déanfar gach tionscadal a mheas ag úsáid na scéime marcála seo a leanas

 

1

Ag tabhairt faoi roinnt téamaí

125

2

Leibhéal rannpháirtíochta an phobail agus na saoránach (a) (b) (d)

250

3

Scála an tionscadail i dtéarmaí uaillmhéine, nuálaíochta agus cruthaitheacht a chothú. (c)

250

4

Costáil - luach ar airgead (e)

175

5

Bainistíocht tionscadail – A indéanta atá sé an tionscadal a chríochnú (f) Ní mór don eagraí (na heagraithe) fianaise a thabhairt maidir leis an tionscadal agus plean soiléir a sholáthar maidir seachadadh an tionscadail

200

 

Iomlán

1000

 

  1. Ní mór do gach duine a fhaigheann cúnamh deontais faoin scéim Éire Ildánach le haghaidh tionscadal a bhaineann le leanaí nó le daoine óga polasaithe cuí a bheith acu maidir le Cosaint Leanaí. Beidh deimhniú ag teastáil ó Chomhairle Contae Fhine Gall freisin go bhfuil na polasaithe árachais cuí agus na Nósanna Imeachta Sláinte agus Sábháilteachta i bhfeidhm.

 

  1. Ní mór cúnamh deontais a chuireann Comhairle Contae Fhine Gall ar fáil don tionscnamh Éire Ildánach a admháil i ngach ábhar poiblíochta a bhaineann leis an tionscadal.  Forchoimeádaimid an ceart poiblíocht a dhéanamh ar bhronnadh Dámhachtain Thionscadal Fhine Gall Ildánach.

 

Mura dtugtar admháil go cuí d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an dámhachtain neamhbhailí agus d’fhéadfadh gá a bheith ann tacaíocht a fuarthas a aisíoc le Comhairle Contae Fhine Gall. Gheobhaidh gach iarratas a éiríonn leis cóip de lógónna Chomhairle Contae Fhine Gall agus Éire Ildánach, mar aon leis na riachtanais maidir leis an dámhachtain a admháil.

 

  1. Ceanglaítear ar iarratasóirí a n-éiríonn leo tuairisc ar dhul chun cinn/nuashonrú gearr a sholáthar do Chomhairle Contae Fhine Gall leath bealaigh tríd an tionscadal. Mura ndéantar sin d’fhéadfaí a mheas t é sin a dhéanamh, is dóigh go bhfuil an dámhachtain neamhbhailí.

 

  1. Ní thabharfar cúnamh maidir le gníomhaíochtaí tráchtála.

 

  1. Ní dhéanfar íocaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí a chuirtear tús leo roimh cheadú.

 

  1. Cuirfear gach iarratasóir ar an eolas i scríbhinn faoi chinntí na Comhairle.

 

  1. Níor chóir glacadh le híocaíocht dámhachtainí mar léiriú go dtabharfar aon dámhachtain ina dhiaidh sin don eagraí/tionscadal ar ócáid eile.

 

  1. Is féidir ábhar tacaíochta a bheith i dteannta na n-iarratas. Ábhar tacaíochta, nach mó ná A4 (m.sh. ó thionscadail roimhe seo, taispeántais srl. le dátaí, ionaid, CVanna na gceannairí tionscadail, nó próifíl na n-eagraithe, grianghraif)

 

  1. Ag brath ar leibhéal an deontais arna bhronnadh, d’fhéadfadh go mbeadh gá le Deimhniú Imréitigh Cánach reatha.

 

  1. Ní mór fianaise a bheith ag gach Tionscadal ar Árachas Dliteanais phoiblí leordhóthanach agus cuimsitheach.

 

Seol na foirmeacha iarratais comhlánaithe agus cóip amháin d’aon ábhar tacaíochta chuig:

 

Dámhachtainí Thionscadal Fhine Gall Ildánach 2020, Rannóg Pobail, Cultúir agus Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

 

 

Nó seol ríomhphost chuig

[email protected]

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

 

Ríomhphost: cr%65at%69vef%69ng%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

Láithreán Gréasáin: http://www.fingal.ie/your-council/creativeirelandfingal/