Íocaíocht Ranníocaí Forbartha
Development Management
An Scéim Ranníocaí Forbartha 2026-2030
Reáchtálann an Chomhairle Scéim Ranníocaí Forbartha chun páirtchistiú a dhéanamh ar sholáthar bonneagair phoiblí agus saoráidí poiblí sa chontae. Tá gach cead pleanála faoi réir na scéime sin, lena n-áirítear ceadanna a ndeonaíonn an Coimisiún Pleanála iad ar achomharc, mura bhfuil siad díolmhaithe de réir fhorálacha na scéime.
Tá na rátaí ranníocaí forbartha sin iníoctha leis an gComhairle i ndáil leis na trí aicme bonneagair phoiblí dá dtagraítear faoi Airteagal 18 den Scéim Ranníocaí Forbartha 2026-2030, ar ghlac an Chomhairle Contae í ag an gcruinniú dá cuid a tionóladh an 8 Nollaig 2025. Tá ranníocaíocht bhreise iníoctha le hUisce Éireann i ndáil leis an mbonneagar poiblí a sholáthraíonn sé. Ba cheart d’fhorbróirí teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann go díreach maidir leis sin.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbeidh na Rátaí Ranníocaí Forbartha mar a leanas ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh:
| Cineál Forbartha | Iarratais Phleanála ar chead |
| Forbairt Chónaithe | €134.67 m2 |
| Forbairt Thionsclaíoch/Tráchtála | €105.16 m2 |
| Cineál Forbartha | Iarratas pleanála ar choinneáil – arna fháil an 31/12/2025 nó roimh an dáta sin | Iarratas pleanála ar choinneáil – arna fháil an 01/01/2026 nó tar éis an dáta sin |
| Forbairt Chónaithe | €168.34 m2 | €269.34 m2 |
| Forbairt Thionsclaíoch/Tráchtála | €131.45 m2 | €210.32 m2 |
Níltear ag glacadh a thuilleadh le hiarratais ar an Scéim um Tharscaoileadh Sealadach ó Ranníocaí Forbartha
Ba cheart dóibh siúd a bhfuil iarratas leanúnach acu faoin scéim an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara:
• Is é an 31 Nollaig 2026 an dáta deiridh le haghaidh oibreacha forbartha a chríochnú ar thithe cáilitheacha faoin scéim.
• Ní mór Deimhniú um Chomhlíonadh ar Chríochnú atá bailí a chur isteach tríd an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta an 31 Nollaig 2026 nó roimh an dáta sin.
Íoslódáil
An Scéim Ranníocaí Forbartha 2026-2030
An Scéim Ranníocaí Forbartha 2021-2025
An Scéim Ranníocaí Forbartha 2016-2020
Scor de Scéim Ranníocaí Forbartha an Mheitreo Thuaidh
Scéimeanna Ranníocaí Forlíontacha