Pobal agus Spóirt

Deontais Pobail agus Maoiniú

Faigh amach níos mó

Tá Rannóg Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag fógairt scéim nua €400,000 d’Oibreacha Deisiúcháin um Áiseanna Pobail in Ionaid Phobail. Beidh an scéim dírithe ar ionaid phobail atá ann cheana féin (nach bhfuil faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall) ar fud chontae Fhine Gall a fheabhsú.

Tá iarratais ar mhaoiniú faoin Scéim seo á lorg anois do na catagóirí seo a leanas.

Áis ilchuspóireach:

Deontais suas le 50% de chostais na n-oibreacha faoi réir uasmhéid de €40,000 do thionscadail feabhsúcháin/athchóirithe lena mbaineann oibreacha caipitil.

Áis spéise aonair:

Deontais suas le 50% de chostais na n-oibreacha faoi réir uasmhéid de €30,000 do thionscadail feabhsúcháin/athchóirithe lena mbaineann oibreacha caipitil.

Cliceáil anseo le haghaidh Treoirlínte agus na gcritéar scéime

Chun foirm iarratais a fháil cliceáil anseo

 

 

 

 

Maoiniú do Ghníomhaíochtaí

Tá buiséad beag againn le tacaíocht a thabhairt do Mhaoiniú Gníomhaíochtaí.  Is iad na cineálacha gníomhaíochta a d’fhéadfadh bheith incháilithe: 

  • Forbairt Pobail, Cultúir agus Spóirt
  • Ócáidí Pobail, Cultúir agus Spóirt
  • Feabhsú Comhshaoil
  • Trealamh oifige
  • Ábhair Ealaíne & Ceardaíochta
  • Foilseacháin
  • Trealamh Spóirt

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Forbartha Pobail:

018905080 nó Ríomhphost: [email protected]e  

Chun foirm iarratais ar líne cliceáil anseo.

Chun foirm iarratais ar líne ar Mhaoiniú le haghaidh Trealamh Spóirt a fháil, cliceáil anseo

General Criteria for Groups Applying for the Community Funding Scheme

Activity Funding Eligible & Non Eligible Items‌

 

Pointe Maoinithe

Cuireann an Maoiniú do Charthanais Éireannacha a chuireann Comhairle Contae Fhine Gall i do láthair agus The Wheel eolas chun dáta ar fáil faoi mhaoiniú d’eagraíochtaí neamhbhrabúis i gceantar Fhine Gall.  Léiríonn foinsí maoinithe deiseanna maoinithe áitiúla agus náisiúnta araon.  Tagann gach eolas go díreach ó shuíomh gréasáin/litríocht maoinitheoirí.

Pointe Maoinithe Fundingpoint Pointe Maoinithe Fundingpoint Local Access: February - March 2022

Deontas Spóirt don Aos Óg 2023

Tá Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Spórt Éireann ag lorg iarratas ar mhaoiniú faoin Scém Spóirt don Aos Óg (Deontas Beag) 2023. Tá an scéim seo oscailte d’Eagraíochtaí Deonacha Spóirt atá cláraithe le Clár Contae Pobail Fhine Gall (PPN), atá cleamhnaithe le heagraíocht aitheanta NGB nó míchumais agus atá ag obair le daoine óga agus iad lonnaithe i gceantar riaracháin Fhine Gall.

Tá sé mar aidhm ag an Scéim Spóirt don Aos Óg (Deontas Beag) cabhrú le clubanna atá ann cheana féin le trealamh a cheannach, táillí réiteora/cóitseála 7rl. D’fhéadfadh seans níos fearr a bheith ag iarratais a chruthaíonn tionchar dearfach ar leibhéil rannpháirtíochta, a spreagann éagsúlacht agus imeascadh agus a léiríonn inbhuanaitheacht laistigh den chlub maidir le faomhadh maoinithe.

Níl clubanna a rinne iarratas agus ar faomhadh do Mhaoiniú Trealaimh Spóirt Fhine Gall i 2023 incháilithe don Deontas Spóirt don Aos Óg 2023.

Dáta deiridh 15 Méan Fómhair 2023, 6pm

Déan iarratas anseo https://www.tfaforms.com/4831075

Ciste Pobail ag Gluaiseacht 2022

Tá an Chiste Pobail ag Gluaiseacth oscailte do Eagraíochtaí Deonacha an Phobail atá cláraithe le Líonra Rannpháirtíoccht an Phobail (LRP) Contae Fhine Gall agus NACH bhfuil dírithe ar spórt nó ar ghníomhaíocht fhisiciúil mar agus atá ag obair le daoine i limistéar riaracháin Fhine Gall. 

Tá sé mar aidhm ag an gCiste Pobail ag Gluaiseacht  (Communities Get Moving Fund) spreagadh a thabhairt do ghrúpaí pobail (daoine fásta) leas a bhaint as ranganna gníomhaíocht choirp, sin iad ranganna aclaíochta/damhsa/deiseanna gníomhaíochta spóirt, ina n-ionad pobail áitiúil nó ina clubanna spóirt agus chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh na gcostas a mbaineann le clárú dá leithéid ghníomhaíochta. Sula ndéantar an t-iarratas, ba chóir don ghrúpa dul i dteagmháil lena ionad pobail áitiúil nó lena chlub spóirt áitiúil agus fiosrú a dhéanamh ar na deiseanna gníomhaíochta coirp atá ar fáil dóibh ina cheantar.

Ní mór gach ceist a chur ar rPhost chuig  [email protected]

Déan iarratas ar líne anseo  https://www.tfaforms.com/4969767 

Sé an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 6in ar Dé hAoine an 22 Aibreán 2022.