Creatphleananna
Áirítear le Plean Forbartha Contae Fhine Gall 2023-2029 cuspóir chun Creatphleananna a ullmhú do mhórán limistéar ar fud an Chontae, lena n-áirítear i suíomhanna uirbeacha, tuaithe agus tionsclaíocha. Mar atá sonraithe sa Phlean Forbartha, áirítear le Creatphleananna cuspóirí agus clár gníomhartha chun acmhainneacht forbartha na limistéar sin a uasmhéadú, agus ábhar agus scála na gCreatphleananna ag brath ar an limistéar a n-ullmhaítear iad ina leith.
Beidh Creatphleananna de chineál comhairleach, agus fís fhadtéarmach acu don todhchaí, rud lena dtabharfar dóthain solúbthachta chun athruithe a bhainistiú de réir na n-imthosca ar leith a thagann i láthair, lena n-áirítear imthosca sochaíocha, imthosca eacnamaíocha, imthosca comhshaoil agus imthosca cultúrtha. Beidh na pleananna sin bunaithe ar thaighde agus ar shonraí bonnlíne, áit a sainaithneofar deiseanna le haghaidh forbairt amach anseo agus a dtarraingeofar aird ar shrianta a d’fhéadfadh a bheith ann i limistéar. Tugtar fís le haghaidh limistéir iontu, i gcomhréir le struchtúr an Phlean Forbartha.
Beidh na pleananna éagsúil ó thaobh scála de, rud a bheidh ag brath ar an limistéar ar leith agus ar an díriú ar leith. D’fhéadfadh go gcuimseofaí iontu sin pleananna níos lú le haghaidh láithreáin shonracha agus pleananna níos mó agus níos mine le haghaidh limistéir fhairsinge agus le haghaidh saincheisteanna níos casta. Ullmhóidh Comhairle Contae Fhine Gall na pleananna sin thar thréimhse feidhme an Phlean Forbartha, faoi réir acmhainní a bheith ar fáil.
Tá caidreamh gníomhach leis an bpobal ina chuid lárnach d’ullmhú na gCreatphleananna, áit a dtugtar deis do phobail áitiúla, d’úinéirí talún agus do gheallsealbhóirí iomchuí rannchuidiú leis an bpróiseas. Tar éis an phróisis caidrimh ghníomhaigh leis an bpobal, cuirfear na Creatphleananna faoi bhráid na gComhaltaí Tofa lena mbreithniú agus lena gcomhaontú.
I ngach ceann de na Creatphleananna, tabharfar fís le haghaidh an limistéir atá i gceist agus sainaithneofar an tsainiúlacht áitiúil. Leagfar díriú i roinnt díobh ar limistéir a dteastaíonn athnuachan eacnamaíoch, fhisiciúil agus shóisialta uathu, agus tús áite á thabhairt do láithreáin/limistéir athfhorbraíochta/forbartha inlíonta. Beidh sé mar aidhm le Creatphleananna eile deiseanna a dhíghlasáil agus feabhsuithe comhshaoil a chur i gcrích, trí fheabhas a chur ar an ríocht phoiblí, ar bhainistíocht tráchta, ar shaoráidí agus ar an todhchaí eacnamaíoch dóibh siúd a chónaíonn i limistéar ar leith.
Pleananna Uirbeacha agus Sráidbhaile Roimhe
Sular glacadh Plean Forbartha Contae Fhine Gall 2023-2029 reatha, d’ullmhaigh Comhairle Contae Fhine Gall roinnt pleananna uirbeacha agus sráidbhaile. Cé nach bhfuil na Pleananna sin in éifeacht a thuilleadh toisc nach bhfuil siad liostaithe sa Phlean Forbartha reatha, is doiciméid tagartha úsáideacha iad fós i ndáil le gach lárionad a ndearnadh plean den sórt sin ina leith.