Titiocht

Bainistíocht Aistrithe Tithíochta

Bainistíocht ar an Stoc Tithíochta

Má tá tú mar thionónta againn agus gur mian leat bogadh chuig teach eile, is féidir leat iarratas ar aistriú a dhéanamh. Chun tú a mheas le haghaidh tú a aistriú caithfidh tú:

  • A bheith i do thionónta ar feadh 2 bhliain ar a laghad
  • Cuntas glan cíosa a bheith agat
  • Do theaghais atá agat cheana féin a bheith coinnithe i gcaoi mhaith
  • Gan aon bhaint a bheith agat le hiompar frithshóisialta laistigh den 2 bhliain atá caite

Más mian leat iarratas ar aistriú a dhéanamh, íoslódáil an fhoirm aistrithe ag bun an leathanaigh, ab ea chóir duit a líonadh agus a sheoladh ar ais chugainn.

Baineann aistriú tionóntachta le hainm an duine a athrú ar an chomhaontú tionóntachta, a shíníonn tú nuair a leithdháiltear teach ort.

Déantar iarratais ar Aistriú Tionóntachta a mheas ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Pósadh
  • Bás
  • Briseadh sa Chaidreamh 

Nuair a bheidh d’iarratas á bhreithniú againn, scrúdófar an  méid seo a leanas:

  • An chúis atá agat leis an aistriú
  • An bhfuil do chuntas cíosa in ord maith gan aon riaráiste
  • An bhfuil measúnú ceart cíosa déanta do gach duine i do theaghais
  • Caithfidh aon duine atá ag iarraidh iad a chur leis an tionóntacht a bheith ina gcónaí sa teaghais ar feadh 2 bhliain ar a laghad agus measúnú cíosa déanta orthu i rith an ama sin
  • Ní féidir le duine ar bith atá ag iarraidh iad a chur leis an tionóntacht maoin a bheith faoi úinéireacht acu, bíodh sé i gcomhpháirt le dream eile nó astu féin
  • Ní féidir le duine ar bith atá le cur leis an tionóntacht a bheith ina dtionónta reatha ag aon Údarás Áitiúil
  • Ní mór do gach duine atá liostaithe ar an iarratas gan aon bhaint a bheith acu le hiompar frithshóisialta le 2 bhliain ar a laghad

Is féidir le tionóntaí na Comhairle a dtionóntacht ar a dteach reatha a mhalartú le tionóntacht le Comhairle, Údarás Tithíochta nó Cumann Ceadaithe Deonach Tithíochta eile. Caithfidh na haistrithe seo a bheith ceadaithe againn, agus ag an Údarás Áitiúil eile.

Nuair a bheidh d’iarratas á bhreithniú againn, scrúdófar an méid seo a leanas:

  • An chúis a thug na hiarratasóirí as gach teaghlach don idir-aistriú
  • An gciallódh an t-aistriú go mbeadh róphlódú i gceachtar teaghlach
  • An gciallódh an t-aistriú nach mbainfí a ndóthain úsáide as ceachtar teach
  • An bhfuil cuntais chíosa an dá iarratasóir glan
  • An bhfuil an dá theach coinnithe i gcaoi mhaith
  • Nach raibh aon bhaint ag an dá iarratasóir le hiompar frithshóisialta sa 2 bhliain atá caite

Déan Teagmháil Linn 

 

Le haghaidh Fiosruithe Cíosa

Ríomhphost :  [email protected]  do Bhaile Átha Cliath 15 nó

             [email protected]  do Thuaisceart an Chontae

Teileafón : (01) 8905593 do Chíosanna in Baile Átha Cliath 15 nó (01) 8905593 do Chíosanna i dTuaisceart an Chontae

Le haghaidh Fiosruithe faoi Aistrithe Tithíochta

R-phost :  [email protected]
Teileafón : (01) 8905380 do Thithíocht i mBaile Átha Cliath 15 nó (01) 8905994 do Thithíocht i dTuaisceart an Chontae

Nó tabhair cuairt orainn ag ceachtar dár gcuntar tithíochta;

Uaireanta oscailte dár gcuntar tithíochta in Áras an Chontae, Sord
Luan go Déardaoin 9:00rn - 1:00in agus 2:00in - 4:00in
Aoine 9:00rn - 4:00in

Uaireanta oscailte don chuntar tithíochta in Oifigí na Cathrach, Baile Bhlainséir
Luan go Déardaoin 9:30rn - 4:30in
Aoine 9:30rn - 4:00in