In Colour

In Colour

Is taispeántas é 'In Colour' ina bhfuil saothair ó roinnt de na healaíontóirí Éireannacha ba thorthúla san 19ú agus 20ú hAois a ndearnadh staidéar orthu mar chuid de shiollabas staire ealaíne na hardteistiméireachta. Rinne Comhairle Contae Fhine Gall an cláreagrú in éineacht le Draíocht. Óstálann an seó saothair atá ar iasacht ó na bailiúcháin fhairsinge de chuid AIB, na Comhairle Ealaíon agus Dhánlann Ealaíne Chathair Luimnigh. Téann clár oideachais in éineacht leis an seó agus tá sé mar aidhm aige beocht a chur i siollabas staire ealaíne na hardteistiméireachta trí na príomhfhocail a léiriú agus an deis a thabhairt do dhaltaí agus múinteoirí páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla oideachais. Tá an-áthas orainn go bhfuil na healaíontóirí Alice Maher, Robert Ballagh agus Martin Gale ag tabhairt cuairte mar chuid den chlár seo agus léargas pearsanta ar a gcleachtas a chur ar fáil. Aithníonn 'In Colour' an tairbhe a bhaineann le bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le bailiúcháin a léiríonn saibhreas stair ealaín na hÉireann. Déanaimid dianiarracht scrúdú ar acmhainneacht iomlán 'In Colour' mar choincheap oideachais, agus cuirimid fáilte roimh aiseolas ó chuairteoirí cláir.

Díríonn an chatalóg acmhainní oideachasúla seo ar chúig ealaíontóir sa seó, Martin Gale, Robert Ballagh, Alice Maher, Mainie Jellett agus Patrick Collins. Chun foghlaim a uasmhéadú, ba cheart é a úsáid in éineacht le cuairt ar thaispeántas agus turas dírithe más féidir. Léifidh tú beathaisnéis ghearr ar gach ealaíontóir, anailís ar a gcuid saothar, a stíl, na próisis a úsáideadh agus a dtionchair le linn a ngairme. Ceapadh na ceisteanna aibhsithe ar fud an téacs, an tasc freagartha don dalta agus liosta na n-acmhainní eile atá ar fáil chun idirghníomhaíocht leis an eolas a chumasú agus daltaí a spreagadh chun breathnú ar an saothar arís. Cuirimid fáilte roimh gach cuairteoir úsáid a bhaint as an taispeántas agus catalóg acmhainní mar phointe rochtana le haghaidh tuilleadh fiosraithe agus plé maidir leis na healaíontóirí agus a gcuid saothar.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach an suíomh gréasáin do 'In Colour'