Cláir Scoilbhunaithe

Schools badminton programme

Ceardlann Réamhscoile:

Sa cheardlann seo, a sheachadtar i gcomhpháirtíocht le Cúram Leanaí Chontae Fhine Gall, cuirfear smaointe ar fáil d'oibrithe cúram leanaí ar ghníomhaíochtaí atá oiriúnach do naíonáin agus do leanaí idir 2-12 bliana d'aois.

www.fingalcountychildcare.ie

 

Bunscoileanna

Clár um Chleachtadh Spóirt

Is modúl sainoiliúna é an Cleachtadh Spóirt (Sports Con) do leanaí ar gach leibhéal cumais. Is é aidhm an chláir seo ná scileanna bunghluaiseachta leanaí a fheabhsú.  Cuimsíonn an clár 10 seachtaine a sheachadann cóitseálaithe cáilithe Sport Con dhá lá measúnachta a sholáthraíonn tuairiscithe measúnaithe chun treoir a thabhairt do mhúinteoirí maidir leis an bhunfhorbairt scileanna leanaí.

Oiliúint Mhúinteoirí

Bíonn dhá sheisiún oiliúna múinteoirí a mhaireann 1 uair an chloig mar chuid de chlár Sports Con. Éilítear ar mhúinteoirí ó na sruthanna uile chun freastal ar na ceardlanna seo. Tabharfar rochtain don scoil trí logáil isteach & pasfhocal chuig acmhainn ar líne http://learning.fingal.ie/ le haghaidh físeáin agus ranganna teagaisc de na cleachtaí, de na gníomhaíochtaí agus de na cluichí go léir ón gclár.

 

The Sporting Facts:

Is éard atá the Sporting Facts ná cár oideachais agus spóirt 7 seachtaine a bhfuil sé d’aidhm aige leanaí a chur ar an eolas faoi cad iad na cúiseanna gur cheart dúinn dul leis an spórt agus leis an ngníomhaíocht choirp. Mar chuid den churaclam OSPS, cuireadh faisnéis ar fáil tríd faoin maireachtáil shláintiúil, cuirtear pleananna ceachta ar fáil ina mbíonn pointí teagaisc praiticiúla á thairiscint.

 

Meánscoileanna:

Exercise Energise:

Tá an clár seo dírithe ar chailíní 12-15 bliana d'aois nach mbíonn ag glacadh páirt sa spórt nó i ngníomhaíocht choirp faoi láthair. Is féidir na gníomhaíochtaí a dhéanamh le linn am lóin agus / nó tar éis na scoile. Roghnaíonn na cailíní gníomhaíochtaí dóibh féin agus ag tús an chláir bíonn lá il-spóirt ann a reáchtáiltear i mí Mheán Fómhair de ghnáth sa Airéine Náisiúnta Lúthchleasaíochta Faoi Dhíon.

 

Clár na hIdirbhliana

Clár Ceannaireachta Spóirt na Ríochta Aontaithe

Clár cóitseála il-spóirt 10 seachtaine is é seo atá dírithe ar fheabhas a chur ar chumas ceannaireachta agus ar Oiliúint Spóirt na scoláirí san Idirbhliain.

 

Cuir in iúl go bhfuil suim agat in aon cheann de na cláir dár gcuid clár scoilbhunaithe, agus cuir ríomhphost chuig [email protected]