Ceisteanna Coitianta maidir le Forfheidhmiú Pleanála

Conas is féidir liom a fháil amach an bhfuil Cead Pleanála ag forbairt áirithe?

Is féidir an Clár Pleanála sa Rannóg Pleanála a imscrúdú. Is féidir é seo a dhéanamh trí dhul isteach tú féin chuig an gcuntar poiblí i Halla an Chontae, nó is féidir cuardach a dhéanamh ar ár bhfeidhm cuardaigh agus amhairc ar líne le haghaidh Iarratas Pleanála, ach cliceáil anseo. 

Cad ba chóir dom a dhéanamh má cheapaim go bhfuil sárú ar na Rialacha Pleanála i gceist? Ba cheart duit Foirm Ghearán maidir le Forfheidhmiú Pleanála a chur isteach chuig an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála.

Seo iad na sonraí teagmhála: An Rannóg Forfheidhmithe Pleanála, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath. 

Rphost:     [email protected]

 

Cén t-eolas a bheidh orm a thabhairt nuair atá gearán á dhéanamh agam?

Ba cheart na sonraí seo a leanas a thabhairt: suíomh sonrach an láithreáin (léarscáil de shuíomh an láithreáin más féidir); sonraí i ndáil leis an sárú a bhfuil droch-amhras ann ina leith; sonraí (más eol iad) i ndáil leis an úinéir/áititheoir/forbróir réadmhaoine; an dáta a cuireadh tús leis an bhforbairt; d’ainm & do sheoladh, chomh maith le huimhir theagmhála i rith an lae.

Is féidir a bheith cinnte go ndéileálfar faoi rún le sonraí gearánaithe agus nach scaoilfear iad chuig tríú páirtí ar bith agus nach n-áirítear iad ar Chlár Pleanála na Comhairle. 

 

Conas is féidir liom cabhrú le linn an imscrúdaithe?

  • Tríd a mhéid eolais ábhartha agus chruinne is féidir a chur ar fáil
  • Trí chuntas a choimeád maidir le dátaí, amanna, agus eolas ábhartha eile i gcás go bhfuil an úsáid neamhúdaraithe ar siúl ar bhonn uaineach
  • Trí bheith sásta fianaise agus/nó mionnscríbhinn faoi mhionn a thabhairt, más gá  

 

Cad iad na teorainneacha ama reachtúla maidir le Gníomhaíocht Forfheidhmiúcháin a dhéanamh?

Ceisteanna Coitianta & Freagraí maidir le Forfheidhmiú Pleanála

 

Faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, ní mór gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a dhéanamh laistigh de 7 mbliana ó thús forbartha a thosaigh ar nó i ndiaidh an 11 Márta 2002.

Caithfear gníomhaíocht a dhéanamh laistigh de 5 bliana i gcás forbartha a thosaigh roimh an dáta sin.

Mar sin, tá cosc ar an gComhairle anois gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin a dhéanamh maidir le forbairt ar bith a tharla roimh an 11 Márta 2002. 

 

Má dhéanaim na Dlíthe Pleanála a shárú go neamhbheartaithe, cad ba cheart dom a dhéanamh? 

Má cheapann tú go bhfuil tú tar éis na dlíthe pleanála a shárú, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Rannóg Pleanála na Comhairle chun réiteach a phlé.

Fiú má tá an fhorbairt taobh amuigh den fhráma ama le haghaidh gníomhaíochta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, is forbairt neamhúdaraithe fós í agus d’fhéadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar luach na réadmhaoine.

Chomh maith leis sin, seans nach mbeadh cead obair bhreise (amhail athchóiriú, deisiú nó athnuachan) a mheastar díolmhaithe de ghnáth a dhéanamh ar struchtúr neamhúdaraithe nó ar struchtúr a bhfuil a úsáid neamhúdaraithe.

Tá sé chun leasa gach úinéir réadmhaoine a chinntiú go ndéantar gach forbairt neamhúdaraithe a thabhairt chun rialtachta.