The Blanch

The Blanch

The Blanch

"Tháinig grúpa Amadán (bobaidí díbeartha agus is ag Dia amháin atá a fhios cad as díobh) i gceannas ar stiúideo i nDraíocht chun seó a chur i láthair atá bunaithe ar an Ionad Bhaile Bhlainséir ‘sa saol mar atá’. Tógann a ndráma ainrialta ar thuras fantaiseach thú tríd an eispéireas comhaimseartha bruachbhailteach siopadóireachta, áit a bhfuil gach rud ar fáil ach is cosúil nach féidir leat aon rud a fháil.”

Mar chuid den chlár coimisiún ealaíne poiblí faoin Scéim Céatadáin d'Ealaín, d'oibríomar le Ciaran Taylor agus an Cuideachta Amharclannaíochta Carpet ar léiriú amharclannaíochta suíomhoiriúnaithe dar teideal 'The Blanch'. Bhí an taispeántas bunaithe ar ghníomhaíochtaí laethúla agus na carachtair in Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir. Deir Ciaran Taylor go bhfuil an léiriú bunaithe ar rudaí a chonaic sé agus comhráite a chuala sé le linn turas allamuigh go dtí Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir, áit ar chinn sé grúpa bobaidí Bouffon a chruthú. Tá cuma ghránna ar na carachtair dhaonna agus déanann siad aithris ar gnáthiompar sóisialta. Fógraíodh an seó mar chuid den chlár Draíocht agus beidh ticéid saor in aisce ar fáil gach oíche.  Beidh dara sraith den seó ar siúl ag Féile ar an Imeall na bliana seo agus beidh léirithe eile ag Axis, Baile Munna.

Breathnaigh ar an bhfíseán