Artful Dodgers

Artful Dodgers

Artful Dodgers

Is clár luathbhlianta amharcealaíne agus ceoil é Artful Dodgers a sholáthraítear in dhá naíolann phobail i bhFine Gall agus a oibríonn le leanaí idir trí agus cúig bliana d'aois. Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, Coiste Contae Cúram Leanaí Fhine Gall agus na healaíontóirí Jackie Maguire (ceol) agus Naomi Draper (amharcealaín) ag soláthar Artful Dodgers i gcomhpháirtíocht leis na leanaí agus baill foirne in Ionad Cúraim Leanaí Pobail Ros Eó, An Ros an Naíolann Little Learners, Mullach Eadrad. Sa chéad chéim de Artful Dodgers, bhí an dá ealaíontóir lonnaithe sa dhá shuíomh mar ealaíontóirí cónaithe ar feadh dhá sheachtain déag. Cuireadh tús leis an gclár i Meán Fómhair 2013 agus cuireadh deireadh le céim a haon i lár mhí na Nollag 2013. Cuireadh tús leis an dara céim de Artful Dodgers i bhFeabhra 2014.  Leagann céim a dó béim ar chomh-mheantóireacht idir na hoideachasóirí luathbhlianta sna naíolanna agus an dá ealaíontóir. Tá meas ar fhoghlaim chómhalartach agus tá sé tábhachtach do rath foriomlán an chláir. D'fhostaigh eagraithe an chláir taighdeoir, Lucie Corcoran, arna tacú ag Grúpa Taighde Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath um Oideachas sna hEalaíona, chun mionstaidéar a dhéanamh ar an gclár agus fiosrú a dhéanamh ar an gceist seo a leanas i gcéim a haon: An gcuireann ceol agus amharcealaín feabhas ar scileanna luatha litearthachta agus uimhearthachta leanaí? Agus i gcéim a dó déantar scrúdú ar na príomhcheisteanna seo a leanas: An gcothaíonn Artful Dodgers, mar shamhail a chuireann 'taithí' san áireamh i gCéim a hAon agus 'comh-mheantóireacht' i gCéim a Dó, cleachtais ealaíon i suíomhanna luathbhlianta? Agus an ionann an tsamhail seachadta seo mar fhorbairt ghairmiúil leanúnach do na hoideachasóirí luathbhlianta?Sa chomhpháirtíocht Artful Dodgers tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, Coiste Contae Fhine Gall um Chúram Leanaí, Ionad Cúraim Leanaí Pobail Ros Eó, Naíolann Little Learners, an t-ealaíontóir Jackie Maguire, an t-ealaíontóir Naomi Draper, agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.