Anois Táimid Réidh le Tosú!

Now We Are Ready To Start!

Fáilte go dtí an chéad chlár ealaíon de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall do na daoine is óige inár gcontae!

Is toradh ar chomhoibriú idir Oifig Ealaíona Fhine Gall agus trí ealaíontóir den chéad scoth a dhéanann speisialtóireacht in obair chruthaitheach le leanaí é Anois Táimid Réidh le Tosú! (Now We Are Ready to Start!). Ceapadh na himeachtaí go sonrach dóibh siúd sna luathbhlianta (1-5 bliana) agus a dtuismitheoirí. Tar le do thoil agus bain tairbhe as draíocht agus iontas an tsaoil trí shúile do leanaí i dtimpeallacht álainn ag Farmleigh.
Beidh imeachtaí ar siúl ar Dé Sathairn, 13 Deireadh Fómhair, Dé Sathairn, 27 Deireadh Fómhair, Dé Sathairn, 17 Samhain agus Dé Sathairn, 24 Samhain 2012

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le Julie Clarke, Oifigeach Oideachais agus Óige, Oifig Ealaíon Fhine Gall, [email protected]

Tá na sonraí faoin gclár ar fáil anseo.