Amy Plant, Multi Stop Shop

Amy Plant, Multi Stop Shop

 

Tar éis cuairt a thabhairt ar Fhine Gall, tháinig Amy Plant ar an smaoineamh seancharbhán saoire a athrú ó bhonn agus "Multi Stop Shop" a chur air. Ba áis shoghluaiste é an "Multi Stop Shop" a thaisteal timpeall an chontae agus a stop ar feadh tamaill i mbailte difriúla; tríd an siopa, thug an t-ealaíontóir cuireadh don phobal teagmháil a dhéanamh léi má tá scil, rud éigin le díol, smaoineamh nó cúis acu, nó má bhí áit chruinnithe ag teastáil uathu. Léirigh suim mhór sa ghlao sin i bhFine Gall. Dhíol an siopa earraí, subha agus ceirdeanna áitiúla ach, chomh maith leis sin, ba theach beag foilsitheoireachta é do scríbhneoirí agus filí áitiúla chun a saothar a scaipeadh agus do ghrúpaí óga chun ceol a thaifeadadh (rinneadh CD dar teideal "Songs from the Van"). Ba áit chruinnithe é, suíomh díospóireachta agus rud a chuir go mór leis an tírdhreach tuaithe. Sa deireadh, tugadh an "Multi Stop Shop" do ghrúpa áitiúil agus tá dáimh go fóill ag na daoine a ghlac páirt leis.

Is féidir cur síos a dhéanamh ar shaothar Amy mar obair gníomhaíochais, caidrimh agus pobaldírithe. Fágann sé sin go bhfuil an pobal i gcroílár na hoibre agus feidhmíonn an t-ealaíontóir mar spreagadh.