Aileen Lambert

Aileen Lambert

Placenames

Placenames

Is sraith deich saothar ghearra físeáin dhigitigh é 'Placenames' leis an ealaíontóir Ailenn Lambert. Spreag logainmeacha/bailte fearainn i bhFine Gall, agus an chiall a bhaineann leo, an tsraith. I measc na suíomhanna, tá An Aill, An Ros, Na Sceirí, Coltraí, Tobar Súl, Teampall Mhaighréide, Baile an tSrutháin agus a thuilleadh nach iad. Téann paca foilsitheoireachta leis an saothar físe atá ar DVD. Tá íomhánna de gach áit sna saothair físe sa phaca, nótaí ón gCoimisiún Logainmneacha, agus bróisiúr/mapa A2.Taispeánadh 'Placenames' ag an Ionad Shéamuis Ennis, An Aill in 2012. Rinne Dónall Mac Giolla Easpaig, MA, Príomh-Oifigeach Logainmneacha, An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta caint ar logainmneacha na n-áiteanna i bhFine Gall a bhí sa tionscadal.

Tá an scannán 'Placenames', paca cártaí poist agus mapa ar fáil ón Oifig Ealaíon. Téigh i dteagmháil le do thoil le Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí ar ríomhphost nó cuir glaoch ar 01 870-8449.