TraidFhéile 2024 i bhFine Gall - Ollócáid an Cheoil le hImeachtaí Spreagúla #FingalFringe anois inti

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár spreagúil na n-imeachtaí ImeallFhineGall a nochtadh mar phríomhchuid de ThraidFéile 2024, a bheidh ar siúl ón 24 go dtí an 28 Eanáir 2024.

FingalFringe 2024 Mayor and CE

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár spreagúil na n-imeachtaí ImeallFhineGall a nochtadh mar phríomhchuid de ThraidFéile 2024, a bheidh ar siúl ón 24 go dtí an 28 Eanáir 2024. Ag teacht i ndiaidh rath na TraidFhéile i bhFine Gall sa bhliain 2023, tá an Chomhairle ag oibriú arís i gcomhar le léiritheoirí féilte TASCQ CLG (Trádálaithe na háite atá ag tacú leis an gceathrú cultúrtha CLG) chun an fhéile cháiliúil seo a thabhairt ar ais go Fine Gall arís, ag geallúint go mbeidh clár méadaithe ar fáil, lán d’imeachtaí spreagúla á reáchtáil inár sna foirgnimh oidhreachta, sna hionaid ealaíne, sna ionaid íocónacha agus i suíomhanna eile an phobail againne ar fud an chontae. Chomh maith le clár méadaithe na gceolchoirmeacha, fágann reáchtáil ImeallFhineGall don chéad uair i mbliana go dtiocfaidh cuid níos mó d’Fhine Gall beo ar fhuaim an cheoil thraidisiúnta ar fud an chontae, agus in ionad in aice leat féin chomh maith.

Beidh sár-rogha de réaltaí Éireannacha agus idirnáisiúnta le feiceáil ag TraidFhéile i bhFine Gall agus iad ag tabhairt aghaidh ar ionaid íocónacha an chontae, ina measc Caisleán Mhullach Íde, Caisleán Soird, Muilte na Sceirí, Amharclann Bruach an Mhuilinn, agus Ionad na n-Ealaíona Draíochta. Beidh oícheanta pearsanta á gcur ar fáil ag an bhféile freisin in Ionad Shéamus Mhic Aonghusa leis na healaíontóirí mór le rá Ralph McTell agus Janis Ian i láthair. Séard a bheidh mar bhuaicphointe na féile ná an chéad thaibhiú de “Ocean Child (Leanbh na Mara Móra)” i Halla Naomh Pádraig Domhnach Bat. Siad Stephen Rea, Neil Martin agus a Cheathairéad Teaghrán West Ocean, agus Louise agus Michelle Mulcahy príomhpháirtithe scéal ceoil nua-choimisiúnaithe seo, arna chumadh ag Neil,  atá bunaithe ar scéal tragóideach an RMS Tayleur.

Gibneys - Tradisfaction photo.jpg

Tradisfaction

Cuirfear tús le hImeallFhineGall le léiriú ar “It’s a Fine Thing to Sing (Rud Iontach le Canadh)” ag Ionad Shéamuis Mhic Aonghusa, agus ina dhiaidh sin beidh léiriú de chuid ghrúpa áitiúil an Rois, Tradisfaction, ar siúl i Gibney’s i Mullach Íde Dé Céadaoin an 24 Eanáir ag 9:30in. Déanfaidh na Cúl-Sheisiúin ag The Wren's Nest sna Ceapóga Sú Talún spéis an lucht féachana a mhuscailt Déardaoin an 25 Eanáir. Déanfar freastal ar theaghlaigh in imeachtaí na féile chomh maith ag Céilí teaghlaigh agus ceardlanna uirlisí do pháistí in Ionad Shéamuis Mhic Aonghusa.

Tá réimse na n-imeachtaí ar fud Fhine Gall geallta ag an deireadh seachtaine, ag tosú Dé hAoine le "The Beermats"  sa Summit Inn agus le "Seisiún an Dara Rua" ag an Abbey Tavern i mBinn Éadair. Ina theannta sin, beidh Pat Watchorn ag seinm sa Bracken Court i mBaile Brigín. Dé Sathairn beidh “Dabilla” á leiriú sa Cock Tavern i Sord agus “Hawthorn Door” á léiriú i Keelings i nDomhnach Bat. Ar an Domhnach, beidh aonach na gceirníní agus seisiún amhránaíochta in Ionad Shéamus Mhic Aonghusa, mar aon le seisiún spreagúil sa Brook i bPort Reachrinn and sa Wren’s Nest.

Brook Trad Photo.jpeg

The Brook Group Alan Burke, Daire Bracken and Eamonn Galldubh

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, “‘Is cúis bhróid dúinn go léir an flúirse seo na tallainne a fheiceáil ar siúl i bhFine Gall le linn na TraidFhéile le siamsaíocht den scoth á chur ar fáil aici do mhuintir na háite agus do chuairteoir araoní, agus iad ag léiriú na hionaid iontacha atá ar fáil sa chontae ag an am céanna. Táim ag súil go mór leis an imeacht Ocean Child (Leanbh na Mara Móra) a bheidh ar siúl i Séipéal Phádraig Dhomhnach Bat, agus beidh an-tóir ar imeachtaí ImeallFhineGall, lena n-áirítear na seisiúin bhríomhara ar siúl  i The Brook i bPort Reachrann and i Keelings."

Dar le AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Tá lan-áthas orainn an gcomhpháirtíocht againn le TraidFhéile a athnuachan, agus clár méadaithe á thabhairt aici go Fine Gall i mbliana. Ní hamháin go gcuiraann sí féile seo den scoth na siamsaíochta ar fáil do mhuintir Fhine Gall ach léiríonn sí oidhreacht shuntasach na bhfoirgneamh agus na n-ionaid againne chom maith, ag cur béime ar shócmhainní iontacha na turasóireachta agus an chultúir  atá ar fáil inár gcontae. Cuireann reáchtáil ImeallFhineGall don chéad uair i mbliana ardán eile ar fáil d’ealaíontóirí na háite agus raon na féile á leathnú aici ar fud an chontae ar fad.”

Tuilleadh eolais:

Tradfest i bhFine Gall www.tradfest.com/fingal-events

FingalFringe - ImmealFhineGall féach www.tradfest.com/fingal-trail

The Hawthorn Door