Seachtain Náisiúnta na gCrann i bhFine Gall 2024

FCC Nat Tree Week Social Media Tile 4B.jpg

Beidh Seachtain Náisiúnta na gCrann ar siúl ón 3 Márta go dtí an 10 Márta 2024 agus tá roinnt tionscnamh beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall chun é seo a cheiliúradh agus lena n-áirítear pleananna chun 10,000 crann a dháileadh ar chónaitheoirí lena gcur ar fud an chontae, chomh maith le roinnt imeachtaí agus ceardlanna plandála pobail a óstáil.

I mbliana táimid ag soláthar réimse níos leithne de speicis crann lena n-áirítear crainn dhúchasacha agus neamh-dhúchasacha. Ní hamháin go gcuideoidh sé seo le héagsúlacht na speiceas a mhéadú ar fud Fhine Gall, ag tacú lenár n-iarrachtaí líon na gcrann a chinntiú sa todhchaí ach cabhróidh sé freisin leis an bprionsabal 'an crann ceart san áit cheart' a chur i bhfeidhm, go háirithe agus muid ag plandáil in áiteanna dúshlánacha uirbeacha. I measc na speiceas dúchasach tá Péine, Sailchearnach, Sceach Gheal, Crann Silíní Fiáin, Crann Fia-Úll, Coll, Fearnóg agus Beith (70% den tabhartas in aisce); I measc na speiceas neamhdhúchasach tá Gallchnó, Feá, Crann Sleamhain, Learóg, Dair Dhearg agus Saileach Dhearg (30% den tabhartas in aisce).

Beidh Tabhartas in Aisce Crann ar siúl ó 10am go 1pm Dé Céadaoin an 6 agus/nó Dé Sathairn an 9 Márta ag na hionaid seo a leanas: Páirc San Caitríona, Páirc na Mílaoise, Ard Giolláin (10.30am ar an 6ú) Diméin Mhullach Íde (an 9ú agus sin amháin, Racecourse Park (an 6ú agus sin amháin), Diméin an Droichid Nua agus Gleann Abhainn an Bharda (an 9ú agus sin amháin) Tá teorainn dhá cheann in aghaidh an teaghlaigh. Chun úsáid plaisteach a laghdú tabhair leat do mhála féin. Beidh roinnt imeachtaí plandaithe crann pobail ar siúl freisin agus chun féachaint ar imeachtaí plandaithe pobail atá á n-eagrú i do cheantar téigh chuig https://www.treecouncil.ie/list-of-events

Beidh feachtas poiblíochta á reáchtáil ag an gcomhairle ar na Meáin Shóisialta i rith na seachtaine freisin ag míniú na buntáistí a bhaineann le crainn. Mar sin bí cinnte go leanann tú ár gcainéil chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Dúirt Kevin Halpenny, Oifigeach Sinsearach Páirceanna agus Tírdhreacha Chomhairle Contae Fhine Gall: “Le tionchar méadaitheach an athraithe aeráide, tá sé ríthábhachtach crainn a chur, go háirithe na crainn chearta. Tá Páirceanna Fhine Gall agus bonneagar Glas ag cur na gníomhartha atá leagtha amach i Straitéis Crann Fhoraois Fhine Gall i bhfeidhm chun clúdach ceannbhrat crann a mhéadú agus bithéagsúlacht agus athléimneacht aeráide a fheabhsú. Táimid ag tabhairt spreagadh do dhaoine, trí phlandáil ina ngairdíní féin, agus ag imeachtaí plandaithe pobail, cur le leibhéal clúdach crann agus éagsúlacht speiceas crann ar fud an chontae.”

Tá thart ar 2,000 heicteár de spás oscailte poiblí i bhFine Gall, ar tírdhreacha oidhreachta cuid mhór díobh, arna sainiú ar go leor bealaí ag coillearnacha agus crainn. Ba mhaith linn cabhrú lena chinntiú gur féidir le gach duine ar fud an chontae taitneamh a bhaint as a bhfuil ar leac an dorais againn do na glúnta atá le teacht, agus gur féidir le teaghlaigh leas a bhaint freisin as aoibhneas na gcrann álainn ar chúl a dtithe agus a gcuid a dhéanamh ar son na timpeallachta chomh maith.

Sonraí iomlána an Tabhartais in Aisce Crann

Baile Brigín

Dé Céadaoin an 6 Márta (10.30 go 1pm) ag Diméin Ard Giolláin

Dé Sathairn an 9 Márta ó 10am go 1pm ag Diméin Ard Giolláin

Pointe bailithe Carrchlós uachtarach Ard Giolláin.

 

Sord/Domhnach Bat

Dé Céadaoin an 6 Márta ag Diméin an Droichid Nua 10am go 1pm.

Dé Sathairn an 9 ag Gleann Abhainn an Bharda & Diméin an Droichid Nua 10am go 1pm.

Pointe bailithe Carrchlós an Droichid Nua

Pointe bailithe Gleann Abhainn an Bharda, Carrchlós nua Gleann na hAbhann

 

Binn Éadair/Mullach Íde

Dé Céadaoin an 6 Márta i Racecourse Park 10am go 1pm

Dé Sathairn an 9 Márta ag Diméin Mhullach Íde 10am go 1pm

Pointe bailithe Carrchlós Racecourse Park

Pointe bailithe Carrchlós Mhullach Íde

 

Caisleán Cnucha/Mullach Eadrad

Dé Céadaoin an 6 Márta i bPáirc na Mílaoise agus i bPáirc San Caitríona 10am go 1pm

Dé Sathairn an 9 Márta i bPáirc na Mílaoise agus i bPáirc San Caitríona 10am go 1pm

Pointe bailithe Carrchlós na Mílaoise

Pointe bailithe carrchlós San Caitríona

Smaoinigh le do thoil ar an gcineál crainn atá oiriúnach do do ghairdín agus chun úsáid plaisteach a laghdú iarrtar ar dhaoine a mála féin a thabhairt leo.

Féach https://www.fingal.ie/national-tree-week le haghaidh sonraí iomlána agus nuashonruithe.

facebook.com/fingalcoco,

instagram.com/fingalcountycouncil,

 twitter.com/fingalcoco

 

Crann Gaeilge 2024
FCC Nat Tree Week Social Media Tile 2A.jpg