Trá Mhullach Íde - Eolas
Trá Mhullach Íde
Trá Mhullach Íde
Cad is ciall leis an logainm seo?
Ainmníodh Mullach Íde i ndiaidh mhuintir de hÍde, clann Normannach ón gceantar. Dumhcha na clainne sin is ea an chiall atá leis an logainm. Is chomh fada siar leis an ré roimh 6000 RCh a théann rianta de lonnaíocht dhaonna a aimsíodh sa cheantar. Tá inbhear an Mhóinéir Leathain ainmnithe anois mar Limistéar Caomhantais Speisialta (SAC 205). Tá an bogach saibhir ina ghnáthóg do speicis éagsúla éan fiáin agus lapairí.
Iarnród Mhullach Íde
Ba é an Ridire John Mc Neill a dhear iarnród Mhullach Íde ar dtús agus tógadh é sa bhliain 1844 mar chuid de Mhór-Iarnród an Tuaiscirt lenar nascadh Baile Átha Cliath agus Droichead Átha. Bhí tionchar mór ag an iarnród ar Fhine Gall agus, mar thoradh air, tháinig ionaid fho-uirbeacha amhail Mullach Íde, Binn Éadair agus Cill Fhionntain chun cinn, a tháinig chun bheith ina dtrá-bhailte móréilimh freisin. Áiríodh leis an tionscadal tarbhealach adhmaid aon réise dhéag a thógáil, rud lenar tugadh na ráillí thar Inbhear an Mhóinéir Leathain. Athsholáthraíodh an déanmhas sin dhá uair, sa bhliain 1922 agus sa bhliain 1965, mar gheall ar dhamáiste ó stoirmeacha diana.
Caisleán Bhallaí Robac
De réir seanchais, ba iad muintir de Bermingham a thóg Caisleán Bhallaí Robac ar dtús, agus aistríodh é chuig úinéirí éagsúla thar na céadta blianta. Ina measc sin bhí manaigh Chistéirseacha Mhainistir Mhuire, agus is féidir fothracha na Mainistreach a fheiceáil fós amach ó Shráid Chéipil i lár cathrach Bhaile Átha Cliath. Deirtear go dtugadh báid iascaireachta a thagadh isteach i gcuan Mhullach Íde tabhartas éisc do na manaigh, a ndeirtear freisin go mbaineadh siad tairbhe as longa briste. Tá ainm an chaisleáin le feiceáil níos déanaí i nótaí an Down Survey, áit a ndéantar cur síos air mar chaisleán tuí a bhíodh ag muintir Barnewall ó Thuirbhe sa 16ú haois.
Túr Hick
Túr Martello ar dtús a bhíodh i dTúr Hick, ar a dtugtar Túr Bhallaí Robac freisin agus atá suite ar Bhóthar an Chósta. D’athmhúnlaigh Frederick Hick é thart ar an mbliain 1911, tráth a cuireadh díon dearg cónúil agus eite ghaoithe leis.
Cá bhfuil mo thriall ón áit seo?
• Tá sráidbhaile agus stáisiún traenach Mhullach Íde suite thart ar 0.75 míle ar
shiúl
(siúlóid 20 nóiméad).
• Tá Caisleán agus Diméin Mhullach Íde suite 1.5 míle ar shiúl
(siúlóid 40-50 nóiméad)
• Tá sráidbhaile Shoird suite thart ar 3.5 míle ar shiúl feadh Bhóthar an Inbhir
(siúlóid 85-95 nóiméad).
• Tá trá Phort Mearnóg suite thart ar 2 mhíle ar shiúl
(siúlóid 45-55 nóiméad).
SÉANADH
AN tACHT UM DHLITEANAS ÁITITHEOIRÍ, 1995
TABHAIR FAOI DEARA gurb í Comhairle Contae Fhine Gall a dhéanann na cosáin coisithe a chothabháil agus, mar áititheoir na dtailte seo, EISIANN SÍ LEIS SEO, de réir alt 5(2) den Acht um Dhliteanas Áititheoirí, 1995, an dualgas cúraim atá uirthi i leith cuairteoirí faoi alt 3 den Acht sin, i leith aon díobháil nó aon damáiste a dhéantar do chuairteoirí agus dá maoin de dheasca aon chontúirt atá ann ar na cosáin agus ar na tailte.
FÓGRA SÁBHÁILTEACHTA
Tá na Cosáin Aille ard agus géar in áiteanna áirithe, agus níl siad oiriúnach do leanaí beaga ná do dhaoine a bhfuil lagú soghluaisteachta orthu.
Tabhair faoi deara an ghuais snámha ar an léarscáil.
Níor cheart na cosáin aille a úsáid le linn gaotha arda ná le linn drochaimsire.
Ba cheart do shiúlóirí a bheith cúramach i gcónaí.
CÓD TRÁ
Bain úsáid as na boscaí bruscair atá tugtha nó tabhair do bhruscar abhaile leat.
Tá toirmeasc ann ar alcól a ól ar an trá seo faoi na Fodhlíthe um Ól Deochanna Meisciúla ar Bhóithre agus in Áiteanna Poiblí a Thoirmeasc, 2002, a rinneadh faoin Acht Rialtais Áitiúil, 1994.
Is ar a bpriacal féin a pháirceálann úinéirí a ngluaisteán.
Tá úinéirí madraí freagrach as salachar madraí a ghlanadh faoi alt 22 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997.
Ó mhí na Bealtaine go mí Mheán Fómhair, agus an dá mhí sin san áireamh, ní cheadaítear aon chapall a bheith ar an trá idir 10am agus 8pm. Ó mhí Dheireadh Fómhair go mí Aibreáin, agus an dá mhí sin san áireamh, ní cheadaítear aon chapall a bheith ar an trá ar an Satharn, ar an Domhnach ná ar Laethanta Saoire Bainc idir 10am agus 8pm.
Is é nó í an duine atá i bhfeighil capaill/capaillín ar an trá a dhéanfaidh salachar an chapaill/an chapaillín a bhaint agus a chur i mbosca bruscair nó i ngabhdán eile a bheidh ainmnithe chun na críche sin de réir na bhFodhlíthe Trá, 1999.
GARDA TARRTHÁLA
Má tá bratach ann ar a bhfuil dath dearg os cionn dath buí, tá garda tarrthála ar dualgas.
Mura bhfuil aon bhratach ar bith ann, níl aon gharda tarrthála ar dualgas agus níl sé sábháilte snámh.
Má tá bratach dhearg ann, níl sé sábháilte snámh in am ar bith.
Chun teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Fhine Gall, cuir glao ar:
01 8905000 (le linn uaireanta oifige)
Uimhir na Seirbhísí Éigeandála
Le haghaidh seirbhísí éigeandála, cuir glao ar: 112
AMANNA GARDA TARRTHÁLA
An deireadh seachtaine amháin i mí an Mheithimh
(11.00am go 8.00pm)
Go lánaimseartha ó mhí Iúil go mí Lúnasa
(11.00am go 8.00pm)