Seoladh Momentum 2021, Féile Pobail na nEalaíon Poiblí
Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Féile Pobail na nEalaíon Poiblí Momentum 2021. Beidh Momentum 2021 ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 14 agus 15 Lúnasa agus beidh níos mó ná 100 taibheoir pobail agus saorálaí as stáitse ó 8 mbliana d’aois agus 68+ bliain d’aois ag glacadh páirt san imeacht ealaíne poiblí uathúil agus saincheaptha seo.