Páirc Bheartaithe Bhéal Átha Liag Tionscadal Forbartha

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas foirmiúil pleanála don Tionscadal Forbartha Páirce atá beartaithe do Pháirc Bhéal Átha Liag. 

Lanesborough Park Adventure Play Area

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas foirmiúil pleanála don Tionscadal Forbartha Páirce atá beartaithe do Pháirc Bhéal Átha Liag. 

Is é cuspóir an tionscadail teacht ar chomhaontú le páirtithe leasmhara agus fís inbhuanaithe a sholáthar do Pháirc Bhéal Átha Liag i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an daonra agus an mhéadaithe atá ag teacht ar leibhéil rannpháirtíochta an phobail i gcaitheamh aimsire gníomhach.  

Féachfar soláthar áiseanna áineasa áitiúla faoin spéir a fheabhsú do leanaí agus do dhaoine fásta le forbairt Pháirc Bhéal Átha Liag fad a dtacófar le féiniúlacht an cheantair a fhorbairt. Bainfidh úsáideoirí na páirce tairbhe as an soláthar méadaithe maidir le háiseanna éighníomhacha agus gníomhacha araon. 

Lanesborough park Playground

Áit Súgartha 

Freastalóidh an áit súgartha d'aoisraon leathan agus beidh ina taitneamhacht ionchuimsitheach do phobal Bhaile Maidheac. Is í an fhís fhoriomlán don áit súgartha ardluach súgartha a chur ar fáil laistigh de shuíomh a bhainfidh leas as fál sceach chun eispéireas atá i dtiúin leis an nádúr a chur ar fáil. Cuirfidh úsáid a bhaint as gnéithe den tírdhreach cúlra ar fáil don áit súgartha agus is gné a bheidh inti a mbeidh leanaí ábalta idirghníomhú léi. Beidh caidéal uisce san áit súgartha le gaineamh ina mbeidh leanaí ábalta dambaí a thógáil, bealaí uisce a chruthú agus caisleáin a thógáil. Tá an áit súgartha do naíonán leagtha amach chun idirghníomhú agus comhoibriú a chur chun cinn i measc na n-úsáideoirí fad a spreagfar gluaisteacht i bhfoirm lámhacáin, dreapadóireachta agus coinneála cothroime. Feidhmeoidh pirimid mór súgartha a mbeidh sleamhnán le go leor cora ann mar a bheadh tótam ann agus beifear ábalta é a fheiceáil ó lasmuigh den pháirc agus músclóidh sé spéis daoine teacht isteach agus an áit a shiúl. Mar chuid de chonair na gcéadfaí beidh clocha a bheidh ag canadh, bolláin a bheidh ag casadh agus feadáin a labhróidh leat chomh maith le gnéithe eiliminteacha amhail óstáin d'fheithidí agus plandaí a bheidh curtha chun dath, uigeacht, fuaim agus boladh a chur ar fáil. 

Lanesborough Park Toddler Play Area

Gairdín Pobail agus Céadfaí 

Táthar ag súil gur áit a bheidh sna gairdíní pobail agus céadfaí a mbeidh na daoine a bhainfidh úsáid as an bpáirc ag iarraidh a shiúl chomh maith le bheith ina n-acmhainn thairbheach do mhuintir an phobail. Tá sé i gceist le leagan amach geoiméadrach an ghairdín spéis a mhúscailt i measc na ndaoine a bhainfidh úsáid as an bpáirc agus chun iad a spreagadh an gairdín a shiúl. Beidh conair na gcéadfaí ag dul timpeall imeall an ghairdín pobail agus beidh cosán le clocháin ag dul trí limistéar ina mbeidh féara ornáideacha agus plandaí a chlúdóidh an talamh, roghnófar na plandaí bunaithe ar thréithe a bheidh tarraingteach do chéadfaí an duine. 

Lanesborough Community and Sensory Garden

Spás oscailte agus Rian Aclaíochta  

Cuirfear an spás in iarthar na páirce a bhfuil fál sceach ina thimpeall i leataobh d'úsáid sholúbtha - áit chun liathróid peile a chiceáil, áit do chruicéad, áit do leanaí le bheith ag rith thart. Tógfar cosán tánaisteach a bheidh ag dul timpeall imeall an spáis seo a mbeidh trealamh riain aclaíochta lonnaithe lena thaobh. Beidh an trealamh dírithe ar challaistéinic (aclaíocht trína mbaintear leas as fhriotaíocht mheáchan na colainne féin), a fhágfaidh go mbeifear in ann tabhairt faoi réimse éagsúil aclaíochta a beidh inoiriúnaithe do na húsáideoirí. 

Lanesborough Park Central Avenue and Viewing Terrace

Cabhsa Láir agus Ardán Féachana  

Tá cabhsa a bhfuil crainn ar gach taobh de, a théann ó thaobh thoir na páirce go dtí an taobh thiar, ag déanamh dhá leath den Pháirc. Tá sé beartaithe an cabhsa sin a leathnú chun áit a dhéanamh le go mbeidh grúpaí daoine ábalta teacht le chéile ann agus go mbeifear ábalta imeachtaí a reáchtáil ann. Cuirfear dromchla ar leith ar an gcabhsa le hábhair níos sainiúla i gcomparáid le cosán an imill. Is áit d'imeachtaí pobail a bheidh ann a bhféadfaí stainníní bia nó stainníní mhargaí na Nollag etc. a bheadh leagtha amach ar bhealach líneach a chur ann. Feidhmeoidh ardán féachana a bheidh leath bealaigh feadh an chabhsa mar shraith de shuíocháin, mar a bheadh suíocháin fhargáin ann, agus mar áit chun féachaint ar chluichí spóirt nó mar áit bhreise suí. 

An Bhithéagsúlacht  

Tá sé beartaithe leis an togra don pháirc seo poitéinseal éiceolaíoch na páirce a mhéadú trí limistéir ar an imeall a chruthú a mbeidh síolta de chineálacha plandaí móinéir curtha iontu agus a bhainisteofar i dtaca le bithéagsúlacht ina dhiaidh sin. Dhéanfaí an láimhseáil sin a chur i bhfeidhm thar timpeall imeall an spáis oscailte agus i limistéir idir cosán an imill agus fál na teorann. Beidh crainn á gcur mar chuid den straitéis sin, cuirfear crainn nua leis an mbrat fairsing crainn atá ann cheana trí chineálacha crainn dhúchasaigh agus crainn a chuirfidh bia ar fáil d'éin agus d'fheithidí araon a chur. 

Tá rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus an phobail i gcroílár an tionscadail. Tionóladh cruinniú eolais an 26 Samhain le hionadaithe, páirtithe leasmhara agus cónaitheoirí áitiúla i gceantar Bhaile Maidheac chun an tionscadal a chur faoina mbráid agus chun an chéad anailís a leagan amach. I ndiaidh an chruinnithe, mhol an Chomhairle go gníomhach don phobal aiseolas agus tuairimí a thabhairt ar an Tionscadal Forbartha Páirce beartaithe. Rinneadh an t-aiseolas agus na tuairimí a fuaireas a bhreithniú go cúramach agus léirítear iad sa togra reatha. 

Tabharfaidh Tionscadal Forbartha Pháirc Bhéal Átha Liag poitéinseal iomlán na páirce comharsanachta seo chun fíre agus trí sin cruthófar caidreamh nua agus neartaithe idir an pobal áitiúil agus an pháirc. Ag cur tuilleadh leis na comhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl go dtí seo agus ar éirigh go maith leo, molann an Chomhairle go gníomhach don phobal aiseolas a thabhairt ar an togra le linn na tréimhse aighneachta an 9 Meán Fómhair go dtí an 21 Deireadh Fómhair mar atá sonraithe i gcuid 8 den iarratas pleanála atá ar fáil ag: https://consult.fingal.ie/en/consultation/part-8-lanesborough-park-development-project-meakstown-dublin-11 

Seo mar a labhair Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: "Is togra iontach é seo chun Páirc Bhéal Átha Liag a fhorbairt d'fhonn poitéinseal iomlán na páirce a bhaint amach do phobal Bhaile Maidheac, pobal atá ag fás. Beidh rud éigin ann do gach duine, idir óg agus aosta, ón Áit Súgartha agus an Gairdín Céadfaí agus Pobail go dtí na himeachtaí pobail, agus is iontach an rud é go bhfuil sé anois ag céim fhoirmiúil phleanála na forbartha."

Is éard a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly "Tá an-áthas orm go bhfuil an Tionscadal Forbartha Páirce do Pháirc Bhéal Átha Liag anois ag céim fhoirmeálta phleanála na forbartha. Tá an fhís, is é sin spás áineasa comhroinnte agus ionchuimsitheach lasmuigh a mbeidh Pobal ar fad Bhaile Maidheac agus níos faide i gcéin ábalta sult a bhaint as, múnlaithe agus forbartha i gcomhairle leis an pobal áitiúil agus mholfainn do chách leanúint de bheith páirteach sa phróiseas."