Leabhar Cuimhní Ghlao Pobail Bhaile Átha Cliath 15

Dublin 15 Community Care

Sholáthair foireann Chúram Pobail D15 tacaíochtaí do dhaoine leochaileacha i rith shrianta Covid 19. I rith na gcuairteanna bhí deis ag daoine cur síos a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag na srianta orthu agus tamall a chaitheamh i mbun comhrá agus a gcuimhní cinn a roinnt agus labhairt faoina dtaithí saoil. Cinneadh gurb é an modh seo an cur chuige is éifeachtaí chun súil a choinneáil ar shláinte agus ar fholláine ár rannpháirtithe i bPobal Bhaile Átha Cliath 15.

Ba as na cuairteanna seo a d’eascair an coincheap a bhain le leabhrán cuimhní a fhoilsiú bunaithe ar na comhráite, eispéiris, eolas, scéalta, grianghraif, oidis agus earraí cuimhneacháin.

Is deis ar leith é cur chuige an leabhráin seo chun cuimhní cinn a thaifeadadh mar chuid de mhodh teiripeach chun cumarsáid a fheabhsú idir baill foirne cúraim an ghlao, na rannpháirtithe, agus deis leabhrán a chruthú ar cuimhne chomhroinnte ar eispéiris gach duine i rith ré ar leith sa stair atá ann.

Mar chuid dár dtionscnamh Garraíodóireachta forbrófar roinnt ceapóg ardaithe agus soláthrófar uirlisí, plandaí réidhchúraim, síolta agus ithir le haghaidh rannpháirtithe ar spéis leo garraíodóireacht. Spreagfaidh an tionscnamh seo folláine fhisiciúil agus mheabhrach an phobail leochailigh, aonraithe agus níos sine ar aon dul le tionscnamh “Bí Sláintiúil” Chomhairle Contae Fhine Gall.