Stiúideo Ealaíontóirí Theach Bád Loch Sionnaigh

Loughshinny Boathouse Artists’ Studio

Rinneadh an teach bád seo a athchóiriú le déanaí. Tá sé lonnaithe i suíomh álainn i Loch Sionnaigh, ar sráidbhaile cois cósta é idir An Ros agus Na Sceirí.  Is foirgneamh dhá fheidhm é an teach bád a chuireann stáisiún garda tarrthála ar fáil do gardaí tarrthála agus stiúideo lae d'ealaíontóirí. Mar gheall ar shuíomh fíorálainn an tí bád ar imeall an uisce agus ag ceann an chalaidh, cuireann sé spás oibre ar leith atá go hiomlán fóirdheonaithe ar fáil d'ealaíontóirí proifisiúnta. Is é aidhm an stiúideo spás oibre a chur ar fáil d'ealaíontóirí proifisiúnta a oibríonn i ngach disciplín ealaín chun forbairt a dhéanamh ar a gcleachtadh ealaíonta.

Is stiúideo neamh-chónaithe é agus tá sé ar fáil ar feadh trí mhí go dtí bliain amháin. Tá an spás feistithe go hiomlán le doirteal agus aonaid stórála. Tá éarlais in-aisíoctha €100 ag teastáil.

D'oirfeadh an stiúideo ach go háirithe d'ealaíontóirí a bpléann a gcleachtas leis an gcósta, le téamaí mara, oidhreachta, comhshaoil agus tíreolaíochta, ach cuirfear gach cleachtais agus moltaí ealaín san áireamh.

I measc na n-ealaíontóirí roimhe seo bhí:

Thomas Brezing, Ealaíontóir

Vanessa Daws, Ealaíontóir

Eithne Lannon, File

Peter O'Neill, Scríbhneoir

Thomas Brezing, Ealaíontóir

Dave West, Ealaíontóir

Declan Gorman, Scríbhneoir

Deirdre Glenfield, Ealaíontóir

Ruth Clinton agus Niamh Moriarty, Ealaíontóirí

Cónaitheacht Theach Bád Loch Sionnaigh - Vanessa Daws

Cónaitheacht Theach Bád Loch Sionnaigh - Peter O'Neill

Loughshinny_Boathouse